Contae Phort Láirge
Contae Phort Láirge | |||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Éire | ||||
Cúige Éireannach | Cúige Mumhan | ||||
Príomhchathair | Port Láirge | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 113,795 (2011) | ||||
• Dlús | 61.28 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 1,857 km² | ||||
Ar theorainn le | |||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht feidhmiúcháin | office of the Mayor of Waterford (en) | ||||
Comhlacht reachtach | comhlacht reachtach Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Cód ISO 3166-2 | IE-WD | ||||
Eile | |||||
Logainm.ie | 100026 | ||||
Suíomh gréasáin | waterfordcouncil.ie |
I ndeisceart Chúige Mumhan atá Port Láirge nó Contae Phort Láirge.[1] Is é Port Láirge an 21ú contae is mó in Éirinn, leis an 20ú daonra is mó[2]. An contae is lú, leis an daonra is lú, i gCúige Mumhan atá ann. Is é an t-ainm Sean-Lochlainnise Veðrafjǫrðr nó Vedrarfjord bunús ainm Béarla an chontae, Waterford.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Na Déise
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba Ghaeil iad na Déise a chuir fúthu sa cheantar. Deir na seanscéalta go raibh ar na Déíse teitheadh ón tuaisceart (nó ón mBreatain Bheag) agus gur ansin a tháinig an treibh seo chun an cheantair. Úsáidtear an téarma "Déise" fós sa lá atá inniu ann agus is barúntachtaí in iarthar an chontae iad Na Déise laistigh den Drom agus Na Déise lasmuigh den Drom. Deirtear go raibh an Chríostaíocht ann sular tháinig Pádraig Naofa go hÉirinn, mar gheall ar an obair a bhí déanta ag Naomh Deaglán na hAirde Móire. Is ionann seanchríoch na nDéise agus deoise Chaitliceach an lae inniu, Port Láirge agus Lios Mór. Tháinig na Lochlannaigh go dtí an ceantar timpeall na bliana 800. Bhunaigh siad bailte, ina measc Port Láirge, Vedrarfjord, sa bhliain 853. Sin mar a fuair Baile na nGall agus Heilbhic a n-ainmneacha chomh maith.
Tíreolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá dhá shliabhraon suite i gContae Phort Láirge, Sléibhte Chnoc Mhaoldomhnaigh agus Sléibhte an Chomaraigh. An áit is airde sa chontae ná Cnoc Mhaoldomhnaigh (794 méadar). Is iomaí abhainn atá ann freisin, ina measc an tríú habhainn is faide in Éirinn, an tSiúir (194 ciliméadar), agus an ceathrú habhainn is mo in Éirinn, an Abhainn Mhór (168 ciliméadar). Tá breis is 30 trá suite ar chósta bolcánach an chontae.
Suíomh
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Sa tuaisceart: Contae Thiobraid Árann
- San oirthuaisceart: Contae Chill Chainnigh
- San oirthear: Contae Loch Garman
- Sa deisceart: An Mhuir Cheilteach
- San iarthar: Contae Chorcaí
Pobail
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bliain | Daonra | ±% |
1653 | 13,136 | — |
1659 | 13,286 | +1.1% |
1821 | 76,103 | +472.8% |
1831 | 85,217 | +12.0% |
1841 | 196,187 | +130.2% |
1851 | 164,035 | −16.4% |
1861 | 134,252 | −18.2% |
1871 | 123,310 | −8.2% |
1881 | 112,768 | −8.5% |
1891 | 98,251 | −12.9% |
1901 | 87,187 | −11.3% |
1911 | 83,966 | −3.7% |
1926 | 78,562 | −6.4% |
1936 | 77,614 | −1.2% |
1946 | 76,108 | −1.9% |
1951 | 75,061 | −1.4% |
1956 | 74,031 | −1.4% |
1961 | 71,439 | −3.5% |
1966 | 73,080 | +2.3% |
1971 | 77,315 | +5.8% |
1979 | 87,278 | +12.9% |
1981 | 88,591 | +1.5% |
1986 | 91,151 | +2.9% |
1991 | 91,624 | +0.5% |
1996 | 94,680 | +3.3% |
2002 | 101,546 | +7.3% |
2006 | 107,961 | +6.3% |
2011 | 113,795 | +5.4% |
2016 | 116,401 | +2.3% |
Barúntachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá naoi mbarúntacht i gContae Phort Láirge (an bharúntacht go léir nó cuid di). Seo iad na barúntachta, i mBéarla agus i nGaeilge.
- Coshmore and Coshbride, Cois Abha Móire agus Cois Bhríde
- Decies-within-Drum, Na Déise laistigh den Drom
- Decies-without-Drum, Na Déise lasmuigh den Drom
- Gaultiere, An Ghailltír
- Glenahiry,Gleann na hUidhre
- Kilculliheen, Cill Choilchín
- Middlethird, An Trian Meánach
- Upperthird, Uachtar Tíre
- Waterford City, Cathair Phort Láirge
Cathracha, bailte agus sráidbhailte
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Ádh Mheáin, Aird Mhór
- Bun Abha, Baile na Cúirte, Béal na Molt, Baile an Rodaigh, An Baile Beag, Baile Uí Dhuibh, Baile Uí Fhlaithnín, Baile Mhac Cairbre, Baile na Sagart, Bun Machan, An Baile Nua
- Ceapach Choinn, An Charraig Bheag, Clais Mhór, An Chill, Coill Mhic Thomáisín, Cill Mhíodáin, Cill Rosanta, Cnoc an Óir, Cnoc Mheilearaí
- Dún na Mainistreach, Dún Garbhán, Dún Aill, An Dún Mór Thoir, Droichead na Machan
- An Eaglais
- An Fhaiche, Fionnúir
- An Ghráinsigh
- Léim Uí Bhriain, Lios Mór
- Mionn Ard, Maigh Dheilge, Maothail
- Pointe na Síge, An Phasáiste Thoir, Port Lách, Port Láirge
- Rinn Ua gCuanach, Ráth Ó gCormaic
- An Seanphobal, Sliabh gCua
- Tulach an Iarainn, Trá Mhór, Tuar an Fhíona, Trá na mBád
Barúntachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Cois Abha Móire agus Cois Bhríde, Cathair Phort Láirge
- Na Déise laistigh den Drom, Na Déise lasmuigh den Drom
- An Ghailltír, Gleann na hUidhre
- An Trian Meánach
- Uachtar Tíre
Cultúr
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Aerfort Phort Láirge
- Blaa
- Cloch Labhrais, Comhairle Chontae Phort Láirge
- Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge
- Maoin Phort Lairge
- Páirc Uí Fhearchair, Páirc an Bhreathnaigh
- Stáisiún Phluincéid
Tíreolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Baile na Cúirte, Baile na Coille
- Cuan Phort Láirge, Cill Choilchín, Ceann Chréadáin, Sléibhte an Chomaraigh, Cruachan-Paorach, Cnoc Mhaoldomhnaigh, Sléibhte Chnoc Mhaoldomhnaigh
- Dún na Mainistreach, Deoise Phort Láirge agus Leasa Móire
- Fáschom
- Heilbhic
- An Mhachan
- An tOileán Beag
- Port Lách
- Sliabh gCua, An tSiúir
Bailte fearainn
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Béal na Molt, Baile Gunnair
- Cill Bhride, Cnoc Mheilearaí
- Radhairc an Cnoic
- Seisceannán
- Cnoc an Ghallaigh
Na bailte is mó
[cuir in eagar | athraigh foinse]An chathair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is í Port Láirge an chathair is tábhachtaí in oirdheisceart na tíre í, agus í ar an séú ceann is mó sa tír. B'iad na Lochlannaigh a bhunaigh í sa bhliain 914, agus mar sin, an chathair is sine in Éirinn atá ann.
Is é Túr Raghnaill i bPort Láirge an foirgneamh cathrach is sine in Éirinn, agus é ainmnithe as bunaitheoir na cathrach, Raghnall nó Rögnvaldur as Íoslainnis.
Sníonn an tSiúir tríd an gcathair, agus b'í an abhainn seo a chuir tús le stair fhada na cathrach i gcúrsaí na farraige. Tá cuan Phort Láirge ar cuanta tábhachtacha na tíre le corradh is míle bliain, agus bhí an longcheártaíocht an-tábhachtach mar shlí bheatha sa chathair sa 19ú haois.
Sa bhliain 2006, bhí cónaí ar 49,240 duine sa chathair. Bhí 45,775 duine acu ina gcónaí laistigh de chríocha na cathrach féin, agus 3,465 lonnaithe sna bruachbhailte atá suite ar thaobh Chontae Chill Chainnigh.
Cultúr
[cuir in eagar | athraigh foinse]Gaeltacht na nDéise
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Gaeltacht na nDéise suite ar chósta Chontae Phort Láirge sé mhíle siar ó dheas ó bhaile Dhún Garbhán. Cuimsíonn sí dhá pharóiste, an Seanphobal agus paróiste na Rinne. Tá giota beag de pharóiste na hAirde Móire mar chuid di freisin.[3] Is í Gaeltacht na nDéise an dara Gaeltacht oifigiúil is lú in Éirinn: clúdaíonn sí achar de 6,110 heicteár (23.59 míle cearnach). Tá traidisiún láidir Gaelainne, ceoil, amhránaíochta, ealaíona agus spóirt sa cheantar.
Spórt
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cluichí Gaelacha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Iomáint
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an-suim ag muintir Chontae Phort Láirge san iomáint. Bhain foireann na sinsear Craobh na hÉireann sna blianta 1948 agus 1959, agus ghnóthaigh siad Craobh na Mumhan sna blianta 1938, 1948, 1957, 1959, 1963, 2002, 2004, 2007 agus 2010.
Peil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Níl an pheil chomh fairsing leis an iomáint sa chontae. Ghlac foireann an chontae páirt i gcluiche ceannais na hÉireann sa bhliain 1898 ach buaileadh iad i gcoinne Átha Cliath.
Sacar
[cuir in eagar | athraigh foinse]I measc na n-imreoirí cáiliúla a rugadh nó a tógadh sa chontae tá Jim Beglin, John O'Shea, Daryl Murphy, Stephen Hunt agus Noel Hunt.
Glacann Port Láirge Aontaithe, foireann atá lonnaithe i gcathair Phort Láirge, páirt sa chéad roinn i Sraith na hÉireann. Bunaíodh an cumann mar Waterford Football Club sa bhliain 1930, agus is ansin a d'imir siad i Sraith na hÉireann den chéad uair. Athraíodh an t-ainm chuig Waterford United sa bhliain 1982.
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- An Dr. John Walsh: 'Ó Heilbhic go Heilsincí: Gaeltacht na nDéise i gcomhthéacs idirnáisiúnta teanga’. Cur i láthair ag "Tionól an tSamhraidh", scoil samhraidh Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge agus Chomhairle Contae Phort Láirge, An Rinn, Co. Phort Láirge, 8 Iúil 2005
- Walsh, J., 2005. ’An Ghaeilge agus an fhorbairt shoch-eacnamaíoch i nGaeltacht na nDéise’. An Linn Bhuí: Iris Ghaeltacht na nDéise, Uimh. 9, 2005, 138-156.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Comhairle Contae Phort Láirge Curtha i gcartlann 2005-04-05 ar an Wayback Machine
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “Contae Phort Láirge/Waterford | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
- ↑ Corry, Eoghan (2005). "The GAA Book of Lists": 186-191. Hodder Headline Ireland.
- ↑ http://www.beo.ie/index.php?page=archive_content&archive_id=2[nasc briste go buan]