Jump to content

Maigh Dheilge

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilMaigh Dheilge

Suíomh
Map
 52° 09′ 50″ N, 7° 45′ 00″ O / 52.16391°N,7.75007°W / 52.16391; -7.75007
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Mumhan
Contae in ÉirinnContae Phort Láirge
Áit lonnaitheNa Déise lasmuigh den Drom Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Logainm.ie2413

Paróiste sibhialta, paróiste Caitliceach Rómhánach[1], toghroinn agus sráidbhaile in iarthar Chontae Phort Láirge in Éirinn is ea Má Dheilge (Béarla: Modeligo, Magh DheilgeMaigh Dheilge[2] i nGaeilge tráth).

De réir an bhéaloidis, ba é Naomh Deaglán a chéadbhaistigh "Magh Dheilge" ar an gceantar nuair a ghortaigh sé a mhéar agus é ag gabháil thart.

Tá iarsma de thrí chaisleán sa pharóiste. Tógadh Caisleán a' tSlé sa chéad leath den 15ú aoise agus b'ann a chónaigh taoiseach clann Mac Craith, Pilib sular tógadh Caisleán na Slaodaí sa bhliain [1628].

Limistéar Mhá Dheilge

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bailte Fearann Paróiste Sibhialta Mhá Dheilge

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá 45 Baile Fearainn sa tsean-pharóiste sibhialta Mhá Dheilge agus 7,495 acra (3,033 heicteár) ann:

UimhirBaile FearainnBéarlaAcraToghlimistéar ÁitiúilToghroinnParóiste Sibhialta
1An Carragán (Mansfield)Carrigaun (Mansfield)189Dún GarbháinMaigh Dheilge (Dún Garbháin)Maigh Dheilge
2An Gleann ÍochtarachGlen, Lower125Dún GarbháinMaigh Dheilge (Dún Garbháin)Maigh Dheilge
3An Gleann UachtarachGlen, Upper96Dún GarbháinMaigh Dheilge (Dún Garbháin)Maigh Dheilge
4An Lios RuaLisroe238Dún GarbháinMagh Dheilge (Dún Garbháin)Maigh Dheilge
5Baile an Bhiocáire TheasVicarstown, South164Dún GarbháinMaigh Dheilge (Dún Garbháin)Maigh Dheilge
6Baile an Bhiocáire ThuaidhVicarstown, North136Dún GarbháinMaigh Dheilge (Dún Garbháin)Maigh Dheilge
7Baile Uí Chéirín ÍochtarachBallykerin, Lower125Dún GarbháinMaigh Dheilge (Dún Garbháin)Maigh Dheilge
8Baile Uí Chéirín MéanachBallykerin, Middle183Dún GarbháinMaigh Dheilge (Dún Garbháin)Maigh Dheilge
9Baile Uí Chéirín UachtarachBallykerin, Upper235Dún GarbháinMaigh Dheilge (Dún Garbháin)Maigh Dheilge
10Caisleán a tSlé TheasMountaincastle, South184Dún GarbháinMaigh Dheilge (Dún Garbháin)Maigh Dheilge
11Caisleán a tSlé ThuaidhMountaincastle, North165Dún GarbháinMaigh Dheilge (Dún Garbháin)Maigh Dheilge
12Carraig an FhiolairEaglehill215Dún GarbháinMaigh Dheilge (Dún Garbháin)Maigh Dheilge
13Ceathrú an ChaisleáinCastlequarter64Dún GarbháinMaigh Dheilge (Dún Garbháin)Maigh Dheilge
14Cill LiathKilleagh157Dún GarbháinMaigh Dheilge (Dún Garbháin)Maigh Dheilge
15Cnoc an CheatharnaighKnockacaharna310Dún GarbháinMaigh Dheilge (Dún Garbháin)Maigh Dheilge
16Cnocán na gClócaíKnockaunnaglokee205Dún GarbháinMaigh Dheilge (Dún Garbháin)Maigh Dheilge
17Currach na SlaodaíSleadycastle77Dún GarbháinMaigh Dheilge (Dún Garbháin)Maigh Dheilge
18Tigh na CoilleWoodhouse104Dún GarbháinMaigh Dheilge (Dún Garbháin)Maigh Dheilge
19Tigh na laidhreTinalira307Dún GarbháinMaigh Dheilge (Dún Garbháin)Maigh Dheilge
20An Baile NuaNewtown172Lios MórMaigh Dheilge (Lios Mór)Maigh Dheilge
21An Carragán (Hely)Carrigaun (Hely)73Lios MórMaigh Dheilge (Lios Mór)Maigh Dheilge
22An Cúl RuaCoolroe125Lios MórMaigh Dheilge (Lios Mór)Maigh Dheilge
23An Doire ÍochtarachDerry, Lower157Lios MórMaigh Dheilge (Lios Mór)Maigh Dheilge
24An Doire UachtarachDerry, Upper157Lios MórMaigh Dheilge (Lios Mór)Maigh Dheilge
25An Garrán ÍochtairGarraun, Upper68Lios MórMaigh Dheilge (Lios Mór)Maigh Dheilge
26An Garrán UachtairGarraun, Lower141Lios MórMaigh Dheilge (Lios Mór)Maigh Dheilge
27An Ghráig BheagGraigue Beg99Lios MórMaigh Dheilge (Lios Mór)Maigh Dheilge
28An Ghráig MhórGraigue, More195Lios MórMaigh Dheilge (Lios Mór)Maigh Dheilge
29An Pháirc MhórParkmore63Lios MórMaigh Dheilge (Lios Mór)Maigh Dheilge
30Bán na bhFionnógBawnnavinnoge235Lios MórMaigh Dheilge (Lios Mór)Maigh Dheilge
31Bóthar a' MhuillinnBoherawillin289Lios MórMaigh Dheilge (Lios Mór)Maigh Dheilge
32Ceathrú an TeampaillChurchquarter103Lios MórMaigh Dheilge (Lios Mór)Maigh Dheilge
33Cnoc an Gharráin (Sergeant)Knockgarraun (Sergeant)59Lios MórMaigh Dheilge (Lios Mór)Maigh Dheilge
34Cnoc an Gharráin (Hely)Knockgarraun (Hely)109Lios MórMaigh Dheilge (Lios Mór)Maigh Dheilge
35Cnoc na gCaorachKnocknageragh54Lios MórMaigh Dheilge (Lios Mór)Maigh Dheilge
36Gráig an BhurraGraigueavurra203Lios MórMaigh Dheilge (Lios Mór)Maigh Dheilge
37Scairt Mhaighe Dheilge (Hely)Scart (Hely)95Lios MórMaigh Dheilge (Lios Mór)Maigh Dheilge
38Scairt Mhaighe Dheilge (Sergeant)Scart (Sergeant)76Lios MórMaigh Dheilge (Lios Mór)Maigh Dheilge
39Sliabh na ScairteScartmountain1209Lios MórMaigh Dheilge (Lios Mór)Maigh Dheilge
40Stéig BhrádStaigbraud53Lios MórMaigh Dheilge (Lios Mór)Maigh Dheilge
41Tigh an tSrutháinBrooklodge52Lios MórMaigh Dheilge (Lios Mór)Maigh Dheilge
42Tigh na CarraigeRockfield131Lios MórMaigh Dheilge (Lios Mór)Maigh Dheilge
43Baile na gCléireachBallynagleragh70Dún GarbháinSeisceannánMaigh Dheilge
44Linn an FhuaráinLaganoran161Dún GarbháinSeisceannánMaigh Dheilge
45An TuarToor67Lios Mór?Maigh Dheilge
Iomlán7,495

Bailte Fearann Paróistí Sibhialta Eile i dToghroinn Ceantair Mhá Dheilge

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a cruthaíodh na Toghranna Ceantair éagsúla sa bhliain 1838, áiríodh dhá bhaile fearainn ó pharóiste shibhialta Mhá Dheilge i dToghroinn Ceantair Sheisceannáin (Linn an Fhuaráin agus Baile na gCléireach, 231 acra). Áiríodh na bailte fearann eile i bparóiste sibhialta Mhá Dheilge i dToghroinn Ceantair nua Mhá Dheilge mar aon le 11 baile fearainn ó pharóiste shibhialta eile:

UimhirBaile FearainnBéarlaAcraToghlimistéar ÁitiúilToghroinnParóiste Sibhialta
1An Cheathrú GharbhCarrowgarriff150Dún GarbháinMaigh Dheilge (Dún Garbháin)Coilligeán
2An Cheathrú Gharbh BheagCarrowgarriff Beg145Dún GarbháinMaigh Dheilge (Dún Garbháin)Coilligeán
3An Cheathrú Gharbh MhórCarrowgarriff More321Dún GarbháinMaigh Dheilge (Dún Garbháin)Coilligeán
4Cnoc an Phaoraigh ÍochtarachKnockanpower, Lower471Dún GarbháinMaigh Dheilge (Dún Garbháin)Coilligeán
5Cnoc an Phaoraigh UachtarachKnockanpower, Upper358Dún GarbháinMaigh Dheilge (Dún Garbháin)Coilligeán
6An Baile ÁrdBallyard84Lios MórMaigh Dheilge (Lios Mór)An Teampall Geal
7Baile Nicoláis / Baile na TónaNicholastown46Lios MórMaigh Dheilge (Lios Mór)An Teampall Geal
8Baile Uí CháinBallyhane133Lios MórMaigh Dheilge (Lios Mór)An Teampall Geal
9Cill Chloithir / Cill CluthmharKilclogher222Lios MórMaigh Dheilge (Lios Mór)An Teampall Geal
10Clais na gCoiníníClashnaboneen247Lios MórMaigh Dheilge (Lios Mór)An Teampall Geal
11Maigh GheitheMagaha312Lios MórMaigh Dheilge (Lios Mór)An Teampall Geal

Bailte Fearann Paróiste Sibhialta Leic Dhobhráin i bParóiste Caitliceach Rómhánach Mhá Dheilge

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Paróiste Caitliceach Rómhánach Mhá Dheilge i gcomhcheangal le Paróiste Caitliceach Rómhánach Ádh Mheáin agus, gan aon stádas sibhialta, níl teorainneacha an aontais leagtha amach chomh daingean is atá teorainneacha an tsean-pharóiste shibhialta nó an Toghranna Ceantair. É sin ráite, mar aon le cuid mhaith de na bailte fearann thuas, tá baint ag cuid mhaith de na bailte fearann seo leanas atá i bparóiste sibhialta Leic Dhobhráin le Paróiste Caitliceach Rómhánach Mhá Dheilge:

UimhirBaile FearainnAinm MalartachBéarlaAcraToghlimistéar ÁitiúilToghroinnParóiste Sibhialta
1Broe (Leic Dhobhráin)Broemountain (Lickoran)387Lios MórBéal na MoltLeic Dhobhráin
2DeighricDyrick244Lios MórBéal na MoltLeic Dhobhráin
3Fearnán ÍochtarachFarnane, Lower594Lios MórBéal na MoltLeic Dhobhráin
4Fearnán UachtarachFarnane, Upper233Lios MórBéal na MoltLeic Dhobhráin
5Ladhar AitinnLyrattin594Lios MórBéal na MoltLeic Dhobhráin
6Leic DhobhráinLeic UaráinLickoran215Lios MórBéal na MoltLeic Dhobhráin
7Sliabh Leic DhobhráinSliabh Leic UaráinLickoran Mountain96Lios MórBéal na MoltLeic Dhobhráin

Bunaíodh Scoil Náisiúnta Mhá Dheilge sa bhliain 1867, ach téann traidisiúin na scolaíochta sa pharóiste níos faide siar. De réir tuarascála an Choimisiúin Ríoga a cuireadh ar bun sa bhliain 1832, bhí ceithre scoil sa pharóiste ag an am agus 343 dalta cláraithe iontu – idir 230 buachaill agus 113 cailín.[3]

Ar an gcéad lá de mhí Iúil 1867, chuaigh ceann de na scoileanna sin, Scoil Mhagh Dheilge, faoi choimirce Córas na Scoileanna Náisiúnta. Dhún na scoileanna eile agus as sin amach d'fhreastail Scoil Náisiúnta Mhá Dheilge ar an bpobal áitiúil.[4]

Tógadh príomhfhoirgneamh scoil an lae inniu sa bhliain 1958. Ar dtús ní raibh ach dhá sheomra ranga agus beirt mhúinteoirí sa scoil. Tógadh seomra eile ranga agus seomra ilfhóinteach sa bhliain 1979, agus leabharlann/seomra ríomhaireachta sa bhliain 1998. Sa la atá inniu ann (Eanáir 2008) tá triúr múinteoirí agus cúntóir riachtanas spesialta amháin sa scoil agus 72 dalta a múinteoireacht acu.

Is mór an difríocht idir saol dalta an lae inniu agus dalta na seanscoile a tógadh sa bhliain 1830 agus a leagadh sna h80í. Bhí dhá urlár sa tseanscoil. Bhí na buachaillí ar an mbunurlár agus na cailíní ar an gcéad urlár. Bhí seacht mbinse i scoil na mbuachaillí agus sé mbinse i scoil na gcailiní agus iad go léir deich dtroigh ar fad. I mí Lúnasa 1869, bhí 254 dalta cláraithe sa scoil, idir 120 buachaill agus 134 cailín cé gurbh iondúil 187 dalta a bheith i láthair sna sé mhí roimhe sin.[5]

Líon na ndaltaí ag freastal ar Scoil Náisiúnta Mhá Dheilge:

BliainBuachaillíCailíníIomlán
1871454792
1881303565
1891463278
1922364379
1937353469
1946313263
1954411960
1968212748
200351
200772

Tá eaglais Chaitliceach sa pharóiste, Eaglais Naomh Mhuire, a tógadh sa bhliain 1816. Tá fothracha de sheaneaglais gar di, ach níl aon eolas faoi. Tá tobar beannaithe suite tamall gearr ón eaglais i gCnoc an Ghéaráin. Tugtar Tobar Mhuire nó Lady's Well ar an tobar.

Spórt agus Áiseanna Spóirt

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá páirc imeartha an phobail, seomraí feistis agus ionad an phobail suite in aice le Abhainn an Fhinnisc thíos an bhóthair ón eaglais Chaitliceach. Thosaigh ar fhorbairt na páirce imeartha sa bhliain 1988 agus imríodh an chéad chluiche an bhliain dár gcionn. Tógadh an t-ionad agus na seomraí fesitis idir 1991 agus 1992. Osclaíodh go hoifigiúil iad sa bhliain 1994. Sa bhliain 1998, osclaíodh síneadh nua a bhfuil stáitse ann.[6]

Tá cúirt liathróid láimhe suite in aice na heaglaise chomh maith. Níl an chúirt, a tógadh sa bhliain 1935, in úsáid a thuilleadh.

Cumann Lúthchleas Gael Mhá Dheilge

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Athbhunaíodh Cumann Lúthchleas Gael Mhá Dheilge sa bhliain 1977. Bunaíodh cumann ar dtús sna 40 í ach theip air.[7] Tá na gradaim seo leanas ag an gcumann:

  • Curaidh Peil Shóisearach an Iarthair: 1986, 1990, 1992, 1996, 2007
  • Curaidh Peil Shóisearach an Chontae: 1996
  • Curaidh Iománaíocht Shóisearach 'B' an Iarthair: 1986, 1991,
  • Curaidh Iománaíocht Shóisearach an Iarthair: 2008
  • Curaidh Iománaíocht Shóisearach an Chontae: 2008

Cumann Lúthchleas Gael Naomh Bríd

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1986, tháinig C.L.G. Mhá Dheilge agus C.L.G. Naomh Mhuire/Sliabh gCua le chéile agus bunaíodh Cumann Lúthchleas Gael Naomh Bríd. Téann C.L.G. Naomh Bríd san iomaíocht i gcomórtais faoi sé bliana déag amháin. Roimhe seo, bhíodh deacrachtaí ag an ndá chumann foireann iomlán a sheoladh ar an bpáirc imeartha. Seo leanas gradaim an chumainn go dtí seo:

  • Curaidh Iománaíocht an Iarthair faoi 12: 1988, 2004, 2010
  • Curaidh Pheil an Iarthair faoi 16: 1989, 1995, 1998
  • Curaidh Iománaíocht Mhionúrach an Iarthair: 1990, 1994
  • Curaidh Pheil Mhionúrach an Iarthair: 1990, 1991
  • Curaidh Craobhchomórtas Mionúrach Phort Láirge: 1991
  • Curaidh Pheil an Iarthair faoi 14: 1992
  • Curaidh Iománaíocht an Iarthair faoi 16: 1994, 1995, 2001, 2006
  • Curaidh Pheil an Iarthair faoi 12: 1995, 1996, 1997, 2002, 2005
  • Curaidh Iománaíocht Talún an Iarthair faoi 11: 2002, 2006, 2007
  • Curaidh Iománaíocht an Chontae faoi 12: 2004, 2010
  • Curaidh Pheil an Chontae faoi 12: 2005

Daoine mór le rá

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Donnchadh Ruadh Mac Conmara (1715–1810) – Faoi 1741, bhí scoil ar bun aige i gCarraig an Chodlata i Maigh Dheilge
  • Francis Hearne (1747–1801) – Diagaire caitliceach agus saoi teangacha as Doire i Maígh Dheile é. Bhí tionchar aige ar litríocht na bPléimeannaach.
  • Patrick Denn (1756–1828) – múinteoir agus file as an gChúil Rua i Maigh Dheilge é. Foilsíodh an leabhar The Catholic Children's Religious Primer sa bhliain 1858 agus Eachtra an bháis sa bhliain 1899.
  • John O'Daly (1800–1878) scríbhneoir, eagarthóir, scríobhaí, file, díoltóir leabhar, foilsitheoir agus bailitheoir lámhscríbhinní. B'as Fearnán ó dhúchas é.
  1. Tugtar Paróiste Mhá Dheilge agus Ádh Mheáin ar an bParóiste Caitliceach Rómhánach
  2. De réir logainm.ie ach táim amharasach faoi. Is dóchúla gur seantuiseal tabharthach atá i gceist le maigh
  3. Phelan, Micheál (1995), Modeligo/Affane Travelling in time Midleton, Co. Cork: Litho Press Co.
  4. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2013-02-18. Dáta rochtana: 2012-12-26.
  5. Phelan, Micheál (1995), Modeligo/Affane Travelling in time Midleton, Co. Cork: Litho Press Co. ach féach uimhir na ndaltaí atá cláraithe sa scoil sa bhliain 1871 sa tábla thuas de réir na foinse céanna.
  6. http://modeligo.tripod.com/modeligocommcentre.html%5B%5D
  7. http://modeligo.tripod.com/modeligogaa.html%5B%5D