Clais Mhór
Clais Mhór | |
---|---|
Léarscáil | |
WGS-84 (Comhordanáidí GPS)
52.008555° N 7.817802° W Comhordanáidí Eangach Náisiúnta na hÉireann X123842 | |
Daonra (2006) | |
Airde: | 79m[1] |
Contae: | Contae Phort Láirge |
Cúige: | An Mhumhain |
Is sráidbhaile í an Chlais Mhór (Clashmore i mBéarla) atá lonnaithe in Iarthar Chontae Phort Láirge, Éire. Suite ar an R671, tá an Chlais Mhór tuairim is cúig mhíle déag ó Dhún Garbhán agus ocht míle ó Eochaill i gContae Chorcaí.
Spóirt[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá stair fhada ag muintir peile agus iománaíochta na Claise Móire a théann siar go bunú an CLG. Imríonn an Chlais Mhór lena gcomharsan, Cionn tSáile Beag agus bhí rath ag an dá fhoireann roimh agus i ndiaidh a dteacht le chéile. Bunaíodh club peile i gCionn tSáile Beag sa bhliain 1885, bliain tar éis a cuireadh tús leis an gCumann Lúthchleas Gael. Laistigh de sé bliana, bhí Craobh Peile Phort Láirge buaite acu faoi dhó, sa bhliain 1886 agus arís i 1891. In iomlán, tá naoi gcraobh buaite ag foireann na Claise Móire/ Cionn tSáile Beag: 1886, 1891, 1903, 1904, 1905, 1906, 1907, 1920, 1925. I mbliana, tá an club ag imirt ar leibhéal sinsir arís sa pheil agus ar leibhéal idirmheánach san iománaíocht. Tá ocht tuilsoilse ag an bpáirc imeartha, a bhuí le deontas ón gCrannchur Náisiúnta.
Áiseanna[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá ceithre tigh tábhairne le fáil sa cheantar, The Decies Bar, The Rising Sun agus 'The Old Still' sa tsráidbhaile féin agus The Ole Mill, lonnaithe I mBaile an Phoill, cúpla nóiméad ón gClais Mhór. Chomh maith leis sin, tá trí siopa timpeall na háite. Athchóiríodh sean-shéipéal ag barr an tsráidbhaile agus anois tá ionad oidhreachta le fáil ina áit.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]