Gaeltacht na nDéise

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Gaeltacht na nDéise suite ar chósta Chontae Phort Láirge sé mhíle siar ó dheas ó bhaile Dhún Garbhán. Cuimsíonn sí dhá pharóiste, an Seanphobal agus paróiste na Rinne. Tá giota beag de pharóiste na hAirde Móire mar chuid di freisin.[1] Is í Gaeltacht na nDéise an dara Gaeltacht oifigiúil is lú in Éirinn: clúdaíonn sí achar de 6,110 heicteár (23.59 míle cearnach). Tá traidisiún láidir Gaelainne, ceoil, amhránaíochta, ealaíona agus spóirt sa cheantar.

An Seanphobal[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tá an Seanphobal suite in iarthar Chontae Phort Láirge i nGaeltacht na nDéise os cionn na lonnaíochtaí seo leanas: Maoil a’ Chóirne, Baile na nGall, Heilbhic. Limistéar ciúin tuaithe atá ann, gar d'Aird Mhór. Paróiste cuibheasach mór atá ann (cúig chiliméadar cearnach is tríocha).

Tá roinnt seirbhísí poiblí ar fáil ann, mar shampla bunscoil agus séipéal. Sa bhliain 2003, ceadaíodh pleanáil d’ionad pobail agus do naíolann in aice leis agus soir ón séipéal, le rochtain go talamh cúil agus páirc sacair sa todhchaí.

Stair[athraigh | athraigh vicithéacs]

Deirtear gur bhunaigh Naomh Colmán an Seanphobal i bhfad sular tháinig Naomh Pádraig go hÉirinn agus fiú sular tháinig Naomh Deaglán go dtí Aird Mhór. Roimh an Drochshaol bhí an daonra i bhfad níos mó ná mar atá sé anois.

Teach solais[athraigh | athraigh vicithéacs]

An ghné is mó de dhéantús an duine ar líne an chósta ná teach solais Mhion Ard is ea -- téann a stair siar go dtí an bhliain 1851. Tá líne an chósta contúirteach go leor agus mar sin is léir tá an teach solais riachtanach.

An Chailleach Béarra[athraigh | athraigh vicithéacs]

Struchtúr eile de dhéantús an duine is ea an Chailleach Béarra: seo tuama meigiliteach a théann siar go dtí 2,000 RC. Léiríonn na radhairc ar oirthear Phort Láirge agus Chontae Loch Garman go dtí Rinn Duáin agus níos faide soir cén fáth gur roghnaíodh an áit seo leis an tuama a thógáil.

Oidhreacht nádúrtha[athraigh | athraigh vicithéacs]

Cuimsíonn líne an chósta (in aice leis an mbá, an Mheá) muirdhreach aillte, thart ar seachtó méadar in airde, agus roinnt silteán sruthanna agus bánna beaga freisin. Meallann an féarach ar na haillte a lán éan mara. Taitníonn an ceantar leo siúd a bhfuil suim acu sa dúlra agus sna héin.

Spórt[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tá cumann de chuid CLG sa cheantar - is í an pheil an spórt is mó a imrítear ann. Bhuaigh na Shocks Craobh Shóisear an Chontae sa bhliain 1949. Imríonn iománaithe an cheantair le foireann na Rinne.

Chicago[athraigh | athraigh vicithéacs]

Is de shliocht Maurice Daley iad Richard J. Daley agus Richard M. Daley, a bhí mar mhéaraí ar Chicago ar feadh tamaill fhada. D'fhág Maurice An Seanphobal sa dara leath den 19ú céad.

Rinn Ó gCuanach[athraigh | athraigh vicithéacs]

An ceantar[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tá an Rinn lonnaithe in iarthar Chontae Phort Láirge timpeall is seacht míle lasmuigh de bhaile Dhún Garbhán. Is iomaí baile fearainn atá ann ach tá an príomhbhaile suite i mBaile na nGall. Tá bunscoil, dhá mheánscoil, bialann, cúig theach tábhairne, oifig an phoist, Séipéal San Nioclás agus siopa ann. Tá dhá chuan sa cheantar (Heilbhic agus Baile na nGall) chomh maith le dhá thrá (Coinigéar agus Baile na nGall) agus cuas i Heilbhic. Is í an Ghaelainn an teanga bhaile atá ag breis is 60% de mhuintir na Rinne.[2]

Bíonn cúrsaí Gaeilge á reáchtáil sa réigiún i nGaelscoil chónaithe i Maoil a' Chóirne, Coláiste na Rinne.[3] Tagann déagóirí ó gach áit sa tír go dtí an coláiste i rith laethanta saoire an tsamhraidh. Bíonn Daonscoil na Mumhan á reáchtáil go bliantúil sa Rinn chomh maith. Tá an Rinn suite in aice leis an bhfarraige agus tá a lán tránna sa réigiún seo. Is é Ceann Helbhic an trá is cáiliúla sa réigiún. Tá timpeall is míle duine ina gcónaí sa réigiún agus tá dhá shiopa le fáil ann freisin.

An Ghaelainn sa Rinn[athraigh | athraigh vicithéacs]

Deirtear gurbh é bunú Choláiste na Rinne a shábháil Gaelainn na Rinne ón uaigh; comhfhiontar de shaghas a bhí ann idir muintir an cheantair agus lucht athbheochan na teangan. Thug an Coláiste stádas don Ghaeilge agus chuir sé ina luí ar an bpobal go raibh fiúntas ag baint léi agus nár bhain sí leis an mbochtanas agus leis an drochshaol amháin.[4] Baineann tábhacht eacnamaíoch le Coláiste na Rinne.[5]

Tháinig meath ar an nGaelainn sa cheantar i rith na gcaogaidí agus na seascaidí ach tá feabhas tagtha ar an scéal ó na seachtóidí ar aghaidh.[6] Ach cothaíonn líon íseal na ndaoine sa cheantar deacrachtaí maidir le hiompar teanga agus cúrsaí sochtheangeolaíochta.[7] Leithinis bheag is ea an Rinn atá ceithre mhíle ar fhad agus míle amháin ar leithead agus í ar thairseach Dhún Garbháin agus na Galltachta. Tá go leor daoine ón nGalltacht ag cur fúthu sa cheantar agus is minic nach mbíonn Gaolainn acu.[8]

Cultúr[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tá cáil an cheoil agus na hamhránaíochta ar an gceantar tá traidisiún an tsean-nóis fós beo.[9]

Tá go leor ealaíontóirí sa Rinn agus iad ag plé le meáin dhifriúla: adhmad, gloine, cré, péintéireacht.[10] Tá borradh tagtha ar chúrsaí scríbhneoireachta freisin.[11] Foilsítear irisleabhar gach bliain (An Linn Bhuí) ina mbíonn eolas ar fáil faoi sheanchas, stair agus rudaí eile a bhaineann le Gaeltacht na nDéise.[12]

Coláiste na Rinne[athraigh | athraigh vicithéacs]

Cúrsaí Samhraidh[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tá na Cúrsaí Samhraidh ar siúl ón mbliain 1905 go dtí an lá atá inniu ann. Bíonn breis is 1000 scoláire ann gach bliain. Bíonn cónaí ar na scoláirí seo sa Choláiste agus i dtithe i Rinn Ó gCuanach.

Scoil na Leanaí[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bunaíodh Scoil na Leanaí sa bhliain 1919. Bhí 40 leanbh sa scoil sa bhliain. Theastaigh ón gCoiste labhairt na Gaeilge a mhúineadh do na páistí ar dtús, agus obair na leabhar a dhéanamh leo ina dhiaidh sin. I measc na n-iarscoláirí tá iar-Uachtarán na hÉireann agus iar-Thaoiseach.

Stair[athraigh | athraigh vicithéacs]

Sa mbliain 1903 thosnaigh daoine ar theacht ar saoire go Rinn Ó gCuanach, go háirithe ó Bhaile Átha Cliath, agus fonn orthu Gaeilge d'fhoghlaim. Cuireadh ranganna ar siúl dóibh. An toradh a bhí ar seo ná clár dubh a bhualadh suas i mBaile na nGall. Scoil an Chalaidh a tugadh ar sin agus sin mar a thosnaigh scéal Choláiste na Rinne.

Sa bhliain 1905 tógadh bothán adhmaid i mBóthar na Sop a thug fothaint don scoil. Bhí Dr. Ó Síothcháin, an Dr. de hIndeberg (sagart agus ollamh le Ceiltise i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh), Pádraig Ó Cadhla, an Fear Mór (Dr. Seamus Ó hEocha a bhí ina thimire ag Conradh na Gaeilge) agus Diarmuid Stóice i measc na múinteoirí ag an am seo.

Sa mbliain 1907, thug Oifig an Oideachais Náisiúnta aitheantas oifigiúil do na cúrsaí samhraidh a bhí ar siúl. Tháinig fás mór ar líon na scoláirí sa bhliain 1908 nuair a d'fhreastail 130 scoláire ar na cúrsaí i mí Iúil agus mí Lúnasa.

Bhí gá le foirgneamh nua agus ionad cónaithe dos na scoláirí. Tharla san sa bhliain 1908 nuair a thug Villiers Stuart, Drom Ana, tiarna talún sa cheantar, giota talún ar a eastát i Maoil a' Chóirne don Choláiste le haghaidh láthair scoile.

Mhol daoine áirithe ag cruinniú bainistíochta sa bhliain 1919 go gcuirfí Scoil na Leanbh ar bun. Bheadh an scoil seo ag feidhmiú i gcaitheamh na bliana - do pháistí idir seacht mbliana agus dhá bhliain dhéag d'aois.

Tá borradh agus fás tagtha ar na cúrsaí samhraidh agus ar scoil na leanbh le céad bliain anuas.

Sa bhliain 1906 osclaíodh Meánscoil Lae i gColáiste na Rinne ach níor éirigh go maith léi. Sa bhliain 1959 deineadh iarracht eile meánscoil lae a chur ar bun fé choimirce Choláiste na Rinne. D'éirigh leis an iarracht so fé stiúr Niocláis Mhic Craith. Tá suas le céad scoláire ag freastal uirthi anois.

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  • An Dr. John Walsh: 'Ó Heilbhic go Heilsincí: Gaeltacht na nDéise i gcomhthéacs idirnáisiúnta teanga’. Cur i láthair ag "Tionól an tSamhraidh", scoil samhraidh Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge agus Chomhairle Contae Phort Láirge, An Rinn, Co. Phort Láirge, 8 Iúil 2005
  • Walsh, J., 2005. ’An Ghaeilge agus an fhorbairt shoch-eacnamaíoch i nGaeltacht na nDéise’. An Linn Bhuí: Iris Ghaeltacht na nDéise, Uimh. 9, 2005, 138-156.

Naisc sheachtracha[athraigh | athraigh vicithéacs]