Tigh Chaille Bhéara

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is láithreán seandálaíochta é Tigh Chaille Bhéara (nó Carn Chúirte Bhaile na Móna) suite i Baile Na Móna Íochtarach, Gaeltacht na nDéise, Phort Láirge, Poblacht na hÉireann. Tuama cúirte (nó carn cúirte) an séadchomhartha seo. Tá sé suite i mBaile na Móna Íochtarach. Rinne T.G.E. Powell an láithreán a thochailt i 1938. Fuair sé cnámha créamtha agus potaireachta. Is dócha gur sa Neoiliteach a tógadh é. Tá tuamaí cúirte annamh i gCúige Mumhan agus tá an sampla seo uathúil i bPort Láirge [1][2]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Michael Moore. "WA039-007". 
  2. Powell, T. G. E. (1938). "Excavation of a megalithic tomb at Ballynamona Lower, Co. Waterford". 260-72..