Naomh Deaglán
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 5 haois Cúige Mumhan |
Bás | 5 haois |
Ab | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | An Eaglais Chaitliceach Rómhánach |
Gníomhaíocht | |
Gairm | sagart |
Ardú | |
Lá féile | 24 Iúil |
Áirítear Déaglán mac Eircc nó Deaglán na hAirde Móire (Declán of Ardmore nó Declanus (Laidin)) mar dhuine de na naoimh a bhí in Éirinn roimh theacht Naomh Pádraig. Deirtear go raibh an Chríostaíocht sna Déise sular tháinig Pádraig Naofa go hÉirinn, mar gheall ar an obair a bhí déanta ag Naomh Deaglán.[2]
Ba de shliocht uasal é.[3] Rinne Colmán, sagart áitiúil, é a bhaisteadh.[4] Tar éis dó bheith ina dhalta ag a uncail cuireadh chuig Díoma é, “duine a chaith tréimhse fhada thar lear ag déanamh staidéir.”
Níos déanaí chuaigh Déaglán go dtí an Eoraip le leanúint ar aghaidh lena chuid staidéir agus oirníodh ina shagart ansin é, agus b’fhéidir ina easpag.
Bhain sé faoi in Aird Mhór agus shíolaigh sé an creideamh i gceantar na nDéise. Mhair cuid mhór fear agus ban faoina riail.
Nósanna agus béaloideas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ceiliúrtar Lá Fhéile Deaglán ar an 24 Iúil.
De réir an bhéaloidis, ba é Naomh Deaglán a chéadbhaistigh Má Dheilge nó "Magh Dheilge" nuair a ghortaigh sé a mhéar agus é ag gabháil thart.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Ardmore Irish Round Tower". roundtowers.org. Dáta rochtana: 2019-07-24.
- ↑ "Naomh Déaglán i nDéiseach" (ga). dúchas.ie. Dáta rochtana: 2019-07-24.
- ↑ "Naomh Déaglán, easpag: Iúil 24 | Cumann na Sagart". www.cumannnasagart.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-07-24. Dáta rochtana: 2019-07-24.
- ↑ Deirtear gur bhunaigh Naomh Colmán an Seanphobal i bhfad sular tháinig Naomh Pádraig go hÉirinn agus fiú sular tháinig Naomh Deaglán go dtí Aird Mhór.