Donnchadh Ruadh Mac Conmara

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

File Gaelach ba ea Donncha Rua Mac Conmara (1715-1810).

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh ar an gCreatalach i gContae an Chláir é. Chaith sé cuid mhaith dena shaol mar oide scoile i Sliabh gCua. Tá chúig dhán déag dá chuid fós againn. Is é Eachtra Ghiolla An Amaráin, faoina thuras go Talamh an Éisc an ceann is faide agus is mó cáil. D'fhill sé ar Éírinn sa bhliain 1756. Deirtear gur thug sé cuairt ar Mhór-Roinn na hEorpa ina dhiadh sin agus gur in Hamburg a bhí sé nuair a scríobh ‘Bán Chnoic Eireann Oigh’. Tá cáil ar an dán ‘Duain na hAithrighe’ chomh maith.

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair sé bás sa bhliain 1810 agus cuireadh sa Bhaile Nua gar do Chioll Mhic Thomáisín i gContae Phort Láirge. I gcuntas iarbháis a foilsíodh sa Freeman’s Journal ar an 6 Oct. 1810 tugtar the most celebrated of the modern bards air.

Leabharliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Donnchadh Ruadh Mac Conmara 1715 - 1810, Risteárd Ó Foghluadha (BÁC 1908, 1933).
  • Adventures &c trans. Percy Arland Ussher (1926), in one volume with The Midnight Court;
  • S. Hayes O’Grady, [as S. Hayes], Adventures of Donnchadh Ruadh Mac Conmara, A Slave of Adversity (Dublin 1853).
  • Eachtra Ghiolla an Amaráin; or The Adventures of a Luckless Fellow & Other Poems, ed. Tomás Ó Flannghaile, with a life of the poet by John Fleming (Dublin 1897; rep. 1907)

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]