Jump to content

Leic Dhobhráin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilLeic Dhobhráin

Suíomh
Map
 52° 11′ 04″ N, 7° 45′ 02″ O / 52.184392°N,7.750478°W / 52.184392; -7.750478
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Mumhan
Contae in ÉirinnContae Phort Láirge Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Logainm.ie49965

Baile fearainn agus paróiste sibhialta in iarthar Phort Láirge is ea Leic Dhobhráin[1][2] nó Leic Uaráin [3] (Béarla: Lickoran). Tá limistéar 311 acra ag an mbaile fearainn (in dhá roinn) agus limistéar 2,410 acra ag an bparóiste sibhialta. Tá an paróiste suite idir Má Dheilge agus Seisceannán ar an teorainnn le Contae Thiobraid Árann. Tá sráidbhaile beag, Sráid an Mhuillin (Béarla: Millstreet), suite sa pharóiste.

Bhí seaneaglais an pharóiste suite i nGleann an Teampaill i mbaile fearainn Fhearnáin.

Tá bailte fearann an pharóiste go léir i dToghroinn Baile na Molt agus ó thaobh an paróiste nua-aimseartha Caitliceach Rómhánach, tá cuid de na bailte fearann i bparóiste Mhá Dheilge agus Ádh Mheáin agus cuid eile díobh i bparóiste Tuar an Fhíona.

UimhirBaile FearainnAinm MalartachBéarlaAontas Dlí na mBochtAcraParóiste SibhialtaToghroinn
1An Lios LiathLisleaghLios Mór263Leic DhobhráinBaile na Molt
2Broe (Leic Dhobhráin)Broemountain (Lickoran)Lios Mór387Leic DhobhráinBaile na Molt
3DeighricDyrickLios Mór244Leic DhobhráinBaile na Molt
4Fearnán ÍochtarachFarnane, LowerLios Mór594Leic DhobhráinBaile na Molt
5Fearnán UachtarachFarnane, UpperLios Mór233Leic DhobhráinBaile na Molt
6Ladhar AitinnLyrattinLios Mór594Leic DhobhráinBaile na Molt
7Leic DhobhráinLeic UaráinLickoranLios Mór215Leic DhobhráinBaile na Molt
8Sliabh an Leasa LéithLisleagh MountainLios Mór156Leic DhobhráinBaile na Molt
9Sliabh Leic DhobhráinSliabh Leic UaráinLickoran MountainLios Mór96Leic DhobhráinBaile na Molt
Iomlán2,410