Jump to content

Baile fearainn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Comhartha baile fearainn do Baile na Coirce, Maigh Cuilinn, Contae na Gaillimhe.
Comhartha ag marcáil an teorainn idir dhá bailte fearainn in Inis Eoghain, Contae Dhún na nGall.

Is roinn talún geografach úsáidte in Éirinn agus Na hOileáin Siar in Albain é baile fearainn.

Dar leis an Bunachar Sonraí Logainmneacha, tá 61,098 bailte fearainn in Éirinn inniu. Tá achar meánach 325 acra ag Bailte Fearainn, ach tá achar 7,555 acra ag an baile fearainn is mó (Fionnán, Cill Aithnín, Co. na Gaillimhe) agus 0.625 acra ag an baile fearainn is lú (Seanchlós na hEaglaise, i Co. Tír Eoghain).

Ceaptar go minic go mbaineann siad le seantuatha Gaelacha ón aimsir anallód, ach gur cumadh go leor acu sa 19ú haois nuair a bhí stát na Breataine ag iarraidh an tír a mhapáil agus luach a chur ar an talamh ar bhonn córasach. Níl “sean-roinn ó ré Ghaelach na hÉireann” atá i go leor de na bailte fearainn “mar a mhaítear go minic” ach teorainneacha a cruthaíodh sna 1800idí agus an tír á mapáil ag Suirbhéireacht Ordanáis na Breataine. Ní raibh siad in úsáid ar chor ar bith roimh Ionradh na Normannach. "Ar pháipéar in oifig a socraíodh iad seachas a bheith bunaithe ar rud ar bith a bhí ar an talamh."[1][2]

Leagadh cúram na dteorainneacha ar Richard Griffith agus foireann na Suirbhéireachta Teorann – b’éigean dó na bailte fearainn agus a n-ainm a aithint, agus a dteorainneacha agus a luach a shainiú. Ba é an pointe tosaithe a chaith sé a thógáil ná glacadh leis na teorainneacha ar ghlac na giúiréithe contae agus eastáit mhóra leo. Ach bhí go leor áiteanna ann nach raibh tuiscint fhoirmeálta ann ar bhailte fearainn agus a dteorainneacha, go háirithe i gceantair shléibhe agus chósta. Sna háiteanna sin, is dóigh gur ag obair as lámh a chéile le tiarnaí móra talún an réigiúin a bhí lucht na suirbhéireachta. Roghnaíodh gnéithe nádúrtha den tírdhreach san áit a raibh siad – srutháin mar shampla – ach ar thalamh mór oscailte bhí mearings agus claiseanna colbha acu.[2]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. RTÉ Brainstorm (2025-03-21). "The story of the first all-Ireland mapping survey 200 years ago" (as en). 
  2. 2.0 2.1 Maitiú Ó Coimín (2025-05-02). "‘Cock up’ de chuid Shuirbhéireacht Ordanáis na Breataine a shocraigh teorainneacha páirc náisiúnta Ghaeltachta" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2 Bealtaine 2025.