Na hOileáin Siar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de geografia políticaNa hOileáin Siar
Na h-Eileanan Siar (gd)
Innse Gall (gd) Cuir in eagar ar Wikidata
Western Isles Council Flag.svg
View south from Heaval.jpg
Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
ScotlandWesternIsles.png
 57°46′N 7°01′W / 57.76°N 7.02°W / 57.76; -7.02
Stát ceannasachAn Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta AontaitheAlbain Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairSteòrnabhagh Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán26,720 (2019) Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deInse Ghall Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla3,058.7026 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn tAigéan Atlantach Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeAn Cliseam Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Eile

Suíomh gréasáincne-siar.gov.uk Cuir in eagar ar Wikidata

Oileánra amach ó chósta thiar mhórthír na hAlban is ea Na hOileáin Siar (Gaeilge na hAlban:Na h-Eileanan SiarNa h-Eileanan an Iar). Go stairiúil, úsáideadh an t-ainm Inse Ghall (Gaeilge na hAlban: Na h-Innse Gall ). Tugadh an t-ainm An t-Eilean Fada orthu freisin. Tá siad mar chuid d’oileánra Inse Ghall, scartha ó mhórthír na hAlban agus ó na hOileáin Laistigh (Gaeilge na hAlban Na h-Eileanan a-staigh) le huiscí na Maoile, na Maoile Bige, agus An Cuan Barrach.

Bainistíonn an túdarás áitiúil Chomhairle nan Eilean Siar na hoileáin.

Gaeilge sna hOileáin Siar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ag daonáireamh 2011, thug 52% den daonra le fios gur labhair siad Gaeilge.[1]

Tá buncharraig ag formhór na n-oileán déanta as carraigeacha meiteamorfacha ársa, agus tá an aeráid cineálta agus aigéanach. Tá daonra iomlán de 26,830 ag na 15 oileán a bhfuil cónaí orthu, agus tá níos mó ná 50 oileán substaintiúil nach bhfuil daoine ina gcónaí iontu. Tá an fad ó Cheann an Bharraigh go Rubha Robhanais thart ar 210 ciliméadar.

Tá struchtúir éagsúla tábhachtacha réamhstairiúla, go leor acu a bhí ann roimh na céad tagairtí scríofa faoi na hoileáin ag údair Rómhánacha agus Ghréagacha. Bhí na hOileáin Siar mar chuid de ríocht Lochlannach Suðreyjar, arb é atá ann ná Oileán Mhanann, na hInse Gall agus Oileáin an Chluaidh, a mhair ar feadh níos mó ná 400 bliain, go dtí gur aistríodh ceannasacht ar Inse Ghall go hAlbain le Conradh Pheairt sa bhliain 1266. Bhí smacht ag na taoisigh; ina measc na bpríomhaithe ar na hoileáin ansin bhí Clann Mhic Leòid, Clann Dòmhnaill, Clann Choinnich agus Clann Mhic Nèill. Bhí tionchar tubaisteach ag Fuadach na nGael sa 19ú haois ar go leor pobal, agus is le blianta beaga anuas a tháinig deireadh le laghdú ar leibhéil an daonra. Tá go leor den talamh faoi smacht áitiúil anois, agus tá gníomhaíocht tráchtála bunaithe ar thurasóireacht, ar chroiteoireacht, ar iascaireacht agus ar fhíodóireacht.

Tá muiriompar ríthábhachtach, agus feidhmíonn seirbhísí farantóireachta éagsúla idir na hoileáin agus go mórthír na hAlban. Laghdaíonn córais loingseoireachta nua-aimseartha na contúirtí anois, ach san am atá caite ba chúis le farraigí stoirmeacha go leor a dhul go tóin poill. Is gnéithe tábhachtacha den chultúr áitiúil iad an creideamh, an ceol agus an spórt, agus tá go leor Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta ann chun an comhshaol nádúrtha a chosaint.

Na hOileáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Na hOileáin Siar

Leòdhas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Na Hearadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Uibhist a Tuath[cuir in eagar | athraigh foinse]

Beinn na Faoghla[cuir in eagar | athraigh foinse]

Uibhist a Deas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Barraigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Èirisgeigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Hiort[cuir in eagar | athraigh foinse]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é Somhairle Mór an chéad Gaelach ar Inse Gall. Bhunaigh sé ríocht Gaelach ar chósta na hAlban, agus sna hoileáin idir Alba agus Éirinn. Is uaidh a tháinig cuid mhór d'fhinte móra Gaelacha na hAlban.[2]


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. National Records of Scotland. 15 Cèitean 2014. Release 2 Stastical Bulletin. 2011 Census: Key Results from Releases 2A to 2D, d.33. Leughte 26 Gearran 2017.
  2. "Somhairle Mór | CIC". www.cic.ie (Tugann an leabhar seo léargas dúinn ar stair na nGael in Éirinn agus in Albain in aimsir na Lochlannach.). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-08-09. Dáta rochtana: 2019-05-03.