Jump to content

Nis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilNis

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 58° 28′ N, 6° 15′ O / 58.47°N,6.25°W / 58.47; -6.25
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta AontaitheAlbain
OileánraInse Ghall Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán1,300 Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poistHS2 Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód01851 810 Cuir in eagar ar Wikidata

Is ceantar suite i dtuaisceart Eilean Leòdhais é Nis.[1] Tá thart ar 16 baile beag sa cheantar: (ó thuaidh go dtí an deisceart): Eòropaidh , na Còig Peighinnean, an Cnoc Àrd, Am Port, Lìonal, Tàbost, Suaineabost, Cros, Cros-Sgiogarstaigh, Eòrodal, Adabroc, Àird Dhail, Dail bho Thuath, Dail bho Dheas, Sgiogarstaigh agus Cuidhsiadar. Is é Nis an pobal is faide siar ó thuaidh sa Ríocht Aontaithe, agus bhí sé san Aontas Eorpach roimh an mBreatimeacht freisin. Tá a' Ghàidhlig níos forleithne i Nis ná in aon chuid eile de Leòdhas, ach tá laghdú tagtha ar an ráta anseo freisin; labhraíodh 87% i ndaonáireamh 1991 ach 64% i 2011. Is as Lochlainnis an logainm Nis agus ciallaíonn sé 'srón'.

Urras Oighreachd Ghabhsain

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Nis le Gabhsann, Borgh agus Baile an Truiseil freisin sa Taobh Thiar laistigh d’Oighreachd Ghabhsainn agus ghlac an pobal seilbh ar an oidhreacht sa bhliain 2007. Tá fócas mór ag Urras Oighreachd Ghabhsainn (Galson Estate Trust) - an t-sealbhóir ó shin - ar fhuinneamh in-athnuaite agus tá siad ag tógáil tuirbíní gaoithe sa Taobh Thiar.[2]

Comunn Eachdraidh Nis

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Comórann Comunn Eachdraidh Nis stair an cheantair le iarsmalann , cartlann agus gailearaí sa t-sean Sgoil Chrois sa Dail bho Thuath. Is í an Ghàidhlig a phríomhtheanga labhartha. Tá go leor leabhar agus paimfléad foilsithe aige faoin gceantar. Ba é Comunn Eachdraidh Nis (Pobal Staire Nis) an chéad chumann staire sna hEileanan Siar, agus bunaíodh é sa bhliain 1977.

An Báthadh Mór

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1862 bádh 31 duine, ag fágáil 24 baintreach agus 71 páiste gan athair i Nis. Sa bhliain 2014, aithníodh leacht cuimhneacháin iascaireachta chun na Bahámaí Móra a chruthú agus iascach ar fad. Sa bhliain 2014, cruthaíodh cuimhneachán-iascaigh chun an Bhàthaidh Mhóir agus urraim a thabhairt do na hiascairí áitiúla a fuair bás ar muir.

Cailliúint an Iolair (an lLuamh 'An Iolaire')

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí 20% de dhaonra Leódhasa ar fad - 6,200 ball de na fórsaí armtha - ag troid sa Chéad Chogadh Domhanda. Tar éis an Chogaidh, bhí 283 iarshaighdiúir Leódhasach ag súil le filleadh abhaile go Leòdhas, le thart ar daichead duine ó Nis agus an Taobh Siar, don Bhliain Úr. Go brónach, bhuail an bád na carraigeacha níos lú ná míle ó Chaladh Steòrnabhaigh ar Lá Caille, 1919 agus cailleadh cách ach 82 de na daoine a bhí ar bord. Ba dhuine ó Phort Nis, Iain Fionnlagh MacLeòid nó ‘Iain Mhurdo’, a shábháil thart ar tríocha duine eile agus bhuaigh sé Carnegie Hero Fund Medal and Certificate as ucht a chuid iarrachtaí.[3]

Dúirt 76.4% do dhaonra Nis go raibh Gaoluinn na hAlban (Gàidhlig) acu sa bhliain 2001.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]