Carraig mheiteamorfach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Carraig mheiteamorfach

Carraig a foirmíodh trí athrú carraigeacha a bhí ann roimhe trí dhianthéamh is/nó dianbhrú, agus go minic trí ghníomhaíocht sreabhán fíortheo ag an am céanna i screamh an Domhain. I measc na n-athruithe a fhéadfaidh tarlú, tá fás criostal nua atá cobhsaí faoi na cúinsí sin, agus athruithe i gcreatlach na gcarraigeacha. Is athrú áitiúil meiteamorfacht tadhaill a tharlaíonn de bharr ionsá dhoigheartha. Tarlaíonn meiteamorfacht réigiúnda i gcomhar le próisis ollmhóra tógála sléibhe sa screamh. Is carraigeacha atá sainiúil do ghráid mheiteamorfachta níos airde iad slinnte, siostaí is naghais.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Carraig mheiteamorfach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 118.