Creatlach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Creatlach

Na fíocháin chrua a thugann cabhail tacaíochta do phlandaí is ainmhithe. I veirteabraigh, tagraíonn an téarma don chóimeáil agus eagar na gcnámh. Aithnítear 208 cnámh sa chreatlach, mar a leanas: an bhlaosc (22 ceann, an mhascaill is an mandabal san áireamh), na cluasa (6 cinn), na veirteabraí (26), na heasnacha veirteabracha (24), an steirneam (3), an scornach (1), an crios brollaigh (4), na géaga uachtaracha (60), na cromáin (2), agus na cosa (60). I measc na bhfadhbanna míochaine a chuireann isteach ar an gcreatlach bíonn briseadh, oistéairtríteas, galar Paget, agus scolóis.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Creatlach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 179.