Jump to content

Inse Ghall

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachInse Ghall
Íomhá
CineálOileánra Cuir in eagar ar Wikidata
Suite laistigh de/ar ghné fhisiciúilna hOileáin Cheilteacha Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinAlbain, Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 58° N, 7° O / 58°N,7°W / 58; -7
Suite i nó in aice le limistéar uiscean tAigéan Atlantach Cuir in eagar ar Wikidata
Codanna
Tréithe
Airde os cionn na farraige1,009 m Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeSgùrr Alasdair Cuir in eagar ar Wikidata  (993 m Cuir in eagar ar Wikidata)
Achar7,200 km² Cuir in eagar ar Wikidata

Is sraith oileán in Albain iad Inse Ghall (Gaeilge na hAlban; na h-Eileannan Siar [nə hɛlʲənən ʃiəɾˠ], an tSean-Ioruais; Suðreyjar "na hInse Theas") atá suite ar chósta thiar na hAlban. Eagraítear na hoileáin in dhá ghrúpa mhóra de réir an achair eatarthu agus an tír mhór; na hOileáin Thiar 7 na hOileáin Istigh.

Tá stair fhada maireachtála ag gabháil leis na hoileáin seo (ar a laghad ón ré mheiseoilíteach), mar sin de tá cuid mhór tionchair ó chultúir Ioruacha, Cheilteacha is Shasanacha tagtha isteach le rith na haimsire. Feictear an iliomad fhoinsí tionchair anseo in ainmneacha éagsúla na n-oileán, a thagann ó na teangacha éagsúla a ghabh leis na Tuatha difriúla a mhair ansiúd leis na blianta anuas.

Is iad Inse Ghall an áit ar cumadh roinnt mhaith de litríocht Ghaeilge na hAlban i dtús báire, is roinnt mhaith de cheol Gaelach na hAlban chomh maith. Sa lá atá inniu ann brathann an eacnamaíocht áitiúil ar an chroifteáracht, an iascaireacht, an turasóireacht, tionscal an ola is earnáil an fhuinnimh in-athnuaite. Tá níos lú éagsúlachta bitheolaíche in Inse Ghall i gcomparáid le mórthír na hAlban, ach tá líon mór rón is éan farraige ann ach oiread.

Cuimsíonn na hoileáin timpeall ar 7,200 ciliméadar chearnógacha (2,800 míle ch'nógacha), agus sa bhliain 2011, bhí daonra iomláin 45,000 duine ina gcónaí in Inse Ghall

Na hOileáin Siar (Na h-Eileanan Siar)

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Na hOileáin Istigh (Na h-Eileanan a-staigh)

[cuir in eagar | athraigh foinse]