Éire agus an Bhreatain Mhór

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilÉire agus an Bhreatain Mhór
British Isles (en)
Éire agus an Bhreatain Mhór (ga)
Breetish Isles (sco)
Ynysoedd Prydain (cy)
Enesow Bretennek (kw)
Eileanan Bhreatainn (gd)
Ny h-Ellanyn Goaldagh (gv)
Îles Britanniques (fr) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 54°N 4°W / 54°N 4°W / 54; -4
Daonra
Iomlán71,891,524 (2019) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús228.11 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla121,684 mi² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn tAigéan Atlantach Cuir in eagar ar Wikidata
Airde1,343 m Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeBeinn Nibheis (1,344.527 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama

Is oileáin iad Éire agus an Bhreatain Mhór atá suite in iarthuaisceart na hEorpa, siar ó thuaidh amach ó chósta na mór-roinne.[1] Is iad Éire agus an Bhreatain Mhór na hoileáin is mó ach tá breis is 6000 oileán eile san oileánra mar shampla Inse Ghall, na Scillí, Inse Shealtainn, Inse Orc, Inis Iocht agus Acaill. 315,134 km² achar iomlán na n-oileán. Tá daonra an oileánra beagnach seachtó milliún san iomlán.

Is iad na carraigeacha is sine san oileánra ná na cinn atá le fáil in iarthuaisceart na hAlban, in Éirinn agus i dtuaisceart na Breataine Bige, atá tuairim is 2,700 milliún bliain d'aois. I gcaitheamh na Ré Siolúraí d'imbhuail na réigiúin thiar thuaidh faoi na réigiúin thoir theas, a bhíodh mar chuid de mhórchríoch eile. I gcodarsnacht le formhór na n-oileánraí timpeall na cruinne, creidtear go bhfuil topagrafaíocht na n-oileán seo sách measartha sa chaoi is nach bhfuil sléibhte ná aillte fíor-arda ná aibhneacha rí-fhada ná locha ró-fhairsing le fáil ann. Éiríonn Beinn Nibheis suas go hairde de 1,344 meadar (4,409 troigh), rud a chiallaíonn nach bhfuil sí chomh hard le mórchuid sliabhraonta an domhain. Seasann Loch nEathach amach san oileánra toisc go bhfuil sé go follasach níos mó ná bunús na lochanna sna hoileáin, ach ní chlúdaíonn sé ach achar de 390 ciliméadar cearnaithe (is é sin le rá 151 míle cearnaithe). Tá aeráid mheasartha mhara le teannadh ina réaltar geimhridh shéimhe agus samhraidh theo.

Na hOileáin Cheilteacha

Is í An Ríocht Aontaithe í an tír is mó ann (ina n-áirítear na ceithre réigiún; Alba, Tuaisceart Éireann, Sasana agus an Bhreatain Bheag). Lena chois sin tá spleáchais de chuid na Corónach ann freisin (mar atá Oileán Mhanann agus Oileáin Mhuir nIocht): níl siad mar chuid den Ríocht Aontaithe cé nach bhfuil neamhspleáchas iomlán acu. Is í Poblacht na hÉireann an t-aon tír eile.

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ny h-Ellanyn Goaldagh a thugtar orthu i nGaeilge Mhanann, agus Eileanan Bhreatainn a deirtear i nGaeilge na hAlban, agus The Atlantic Archipelago or British-Irish Isles a thugtar orthu i mBéarla.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. ""Éire agus an Bhreatain Mhór"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2023-05-08.