Acaill
(ga) Acaill | ||||
Cineál | Oileán | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | Na hOileáin Cheilteacha | |||
Logainm.ie | 36851 | |||
Suíomh | ||||
Limistéar riaracháin | Contae Mhaigh Eo, Éire | |||
| ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | an tAigéan Atlantach | |||
Tréithe | ||||
Airde os cionn na farraige | 688 m | |||
Imlíne | 128 km | |||
Pointe is airde | Cruachán (688 m ) | |||
Achar | 148 km² 36,572 acre | |||
Is é Acaill[1] an t-oileán is mó in Éirinn. Tá sé suite ar an gcósta thiar, i gContae Mhaigh Eo, i gCúige Chonnacht.
Tá 2,569 duine ina gcónaí ann. Tá leithinis an Chorráin i bparóiste Acla.
Tíreolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Iolar is ciall le Acaill.
Tá achar 146 ciliméadar (57 míle cearnach) cearnach ann.
Is é an Cruachán (688m) an pointe is airde ar an oileán. Tá aillte an Chruacháin, ar an taobh thiar den oileán, ar na tríú haillte farraige is airde san Eoraip.
Tá Acaill Bheag díreach taobh ó dheas d'Acaill, ós comhair na Cé Móire i gCloch Mhór.
Cois Fharraige
[cuir in eagar | athraigh foinse]Déantar tonnmharcaíocht go coitianta ar an Trá Mór i gCaol.
Tháinig bád tarrthála go hAcaill i samhradh na bliana 1996. Tá sé ar stáisiún anois i gCill Damhnait.
Tránna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 1984 bhí stoirm mhór in iarthar na tíre[2]. Bhain an stoirm an gaineamh go léir ó Thrá Dumhach ar Oileán Acla. Bhí an gaineamh go léir imithe san fharraige agus ní raibh ach clocha agus carraigeacha fágtha cois farraige. Ach sa bhliain 2017, tháinig tonnta móra agus chuir an fharraige gaineamh ar ais[3].
D'fhill trá eile tamaill níos déanaí. I Samhain 2017, tharla an rud céanna le trá eile ar an oileán. Bhí Béal na hAisléime imithe le 12 bhliain anuas[4]. Níl a fhios ag aon duine an bhfanfaidh an gaineamh an uair seo nó an imeoidh sé sna tonnta arís.
-
Ceann Acla
-
Trá Mór agus Cruachán
-
Cuan na Cuime
-
Baile Tréigthe
Gaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an leath thoir d'Oileán Acla agus leithinis an Chorráin i nGaeltacht Acla. Ach tá i bhfad níos mó Gaeilge sa Chorrán anois.
Naisc
[cuir in eagar | athraigh foinse]- www.visitachill.com
- www.achilltourism.com
- www.maritimehistory.org/achill Curtha i gcartlann 2007-09-28 ar an Wayback Machine
Léitheoireacht bhreise
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Áine Ní Bhreisleáin. (2022). Sciuird an tsamhraidh: cósta breá, tránna galánta agus radhairc áille i Maigh Eo. Seachtain.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “Acaill/Achill Island | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
- ↑ Eleathanach 274, 21 Deireadh Fómhair 2017
- ↑ http://www.independent.co.uk/news/world/europe/sandy-beach-ireland-reappears-30-years-washed-away-winds-a7724801.html
- ↑ http://www.independent.co.uk/news/world/europe/irish-beach-reappears-storm-vanish-12-years-ago-ireland-republic-ashleam-bay-achill-a8066771.html