Jump to content

Seachtain (nuachtán)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí NuachtánSeachtain
CineálNuachtán
Cárta innéacs
TeangaAn Ghaeilge
Am tosaigh25/09/2013
Tréith
Formáid nuachtáindlúth
Eatramh foilsitheSeachtanán
Lá a fhoilsithe go rialtaDé Céadaoin
PríomhábharNuacht, cultúr, litríocht, spórt, cúrsaí áitiúla
PríomheagarthóirGearóid Ó Muilleoir
Foilsithe iÉire
Formáid dáilteI gcló agus ar líne

Foinse

Suíomhindependent.ie/seachtain
Digiteach 

Facebook: Seachtain X: SeachtainNuacht Instagram: seachtain_nuacht Cuir in eagar ar Wikidata

Nuachtán seachtainiúil is ea Seachtain, a bhíonn ar fáil mar fhorlíonadh leis an Irish Independent gach Céadaoin.[1][2] Tá sé á chur i gcló ón mbliain 2013 i leith agus tá struchtúr sainiúil bainistíochta agus eagarthóireachta aige laistigh den chomhlacht idirnáisiúnta meán Mediahuis.[2][3]

Tá ceanncheathrú Sheachtain i Sráid Thalbóid

Cuireann Seachtain nuacht, spórt, gné-ailt agus ailt nach iad ar fáil ar bhonn seachtainiúil.[4] Tá sé "spéisiúil" agus "úsáideach" dar leis an taighdeoir Rónán Ó Muirthile, ó thaobh dearadh de agus doimhneacht na scéalta freisin, bíodh go bhfuil sé "saghas éadrom". Luaigh sé an colún "Dialann Máthair" le Siún Ní Dhuinn agus colún Dháithí Uí Shé agus tá sé den tuairim go bhfuil sé "spraíúil siamsúil".[5][6] Chomh maith leis an bpáipéar seo, léirítear físeáin agus podchraoltaí.[3]

Agus é ag trácht air nuair nach raibh Seachtain ach ina thús bhí Breandán Delap den tuairim go raibh "níos mó téagair iriseoireachta le sonrú" ann ná mar a bhíodh i Foinse nua, cé gur "forlíonadh do fhoghlaimeoirí" a thug sé air. Luaigh sé an chuma "shnasta tharraingteach" a bhí air agus an scríbhneoireacht "sholéite".[7]

Tráth ar thosaigh Seachtain, bhí forlíonadh oideachais san áireamh leis, Ar Fheabhas, áis staidéir ceithre leathanach don Ardteist,[7][4] agus ba dhóigh le Cathal Goan cúpla bliain ní ba dhéanaí go raibh sé "dírithe ar lucht na meánscoile go príomha."[8] Sa bhliain 2024 bhí Gráinne Uí Chaomhánaigh den tuairim go raibh sé dírithe ar fhoghlaimeoirí fós "ach níl sé chomh simplí agus a bhíodh." Mhol sí na liostaí focal taobh le haistriúcháin Béarla a chuirtear le gach alt.

Rinne Uí Chaomhánaigh suntas den líon mór ailt nach mbíonn ainm luaite leo ach "Tuairisceoir Seachtain". Dúirt sí go raibh "fás agus forbairt" tagtha ar Sheachtain le roinnt mhaith blianta agus go raibh sé ní ba mhó ná mar a bhíodh.[9]

Tá triúr iriseoirí Gaeilge fostaithe ag Seachtain: Tessa Fleming, Storm Eaton-Kilgallen, agus Áine Ní Bhreisleáin, agus triúr eile a bhíonn ag obair leis an dtogra go minic. Lena dtaobh sin tá iriseoirí eile sa chomhlacht Mediahuis Éireann a dhéanann tuairisceoireacht sa Ghaeilge go minic.[3]

Go dtí Mí na Samhna 2013, bhí socrú dáileacháin i bhfeidhm idir fhoireann Foinse agus an Irish Independent go ndíoltaí le chéile iad uair sa tseachtain. Nuair a cuireadh deireadh le Foinse mar nuachtán clóbhuailte, ní raibh ach corradh is coicís ann sula raibh foireann eagraithe lena comharba a chur i gcló.[7][10] Titim tobann sa díolachán a bhí faoi deara sin dar le tráchtairí,[10] nó bhíodh méadú mór i léitheoirí na Céadaoine toisc Foinse a bheith ann.[11]

Foilsíodh an chéad eagrán de Sheachtain ar an 25 Meán Fómhair 2013. Ní raibh ach ocht leathanach ann an uair sin, iad lán-daite faoi leagan amach dlúth. Bhí sé bunaithe "a bheag nó a mhór" ar mhúnla Foinse roimhe.[7][10] Ar fhoireann an nuachtáin bhí Gearóid Ó Muilleoir (iar-eagarthóir an Daily Mirror do na sé chontae), Tomaí Ó Conghaile (iar-leas-eagarthóir Lá Nua), agus Ciarán Dunbar (iar-eagarthóir Ghaelscéal).[10] Bhí Daithí Ó Sé agus Mícheál Ó Muircheartaigh i measc na gcolúnaithe.[10] Cuireadh i dtoll a chéile i mBéal Feirste é.[12][10]

Bhí glacadh maith leis an nuachtán úr.[12] Bhí Breandán Delap den tuairim go raibh "níos mó téagair iriseoireachta" sa chéad cúpla eagrán de ná mar a bhí ina réamhtheachta. Luaigh sé freisin "stíl shnoite, sholéite" leis na haltanna, cé gur mheas sé nach líonfadh "forlíonadh do fhoghlaimeoirí an bhearna atá fágtha ag imeacht Gaelscéal do phobal léitheoireachta na Gaeilge."[7] Luaigh Dónall Chaoimhín Mac Murchaidh Seachtain mar shampla faoi leith de na foilseacháin a chruthaíonn deiseanna fostaíochta in iriseoireacht na Ghaeilge.[13]

Níl Seachtain ag fáil maoiniú ar bith ón stát, de réir an Dúnbarraigh, agus "maireann sé ar chúiseanna tráchtála."[14] Ar feadh os cionn deich mbliana b'í Seachtain an t-aon nuachtán clóbhuailte Gaeilge dá raibh ann, go dtí gur bunaíodh An Páipéar sa bhliain 2024.[4][15] Tháinig fás agus forbairt air in imeacht na mblianta dar leis an gcraoltóir Gráinne Uí Chaomhánaigh agus thug sí faoi deara go mbíonn cuid mhaith fógróirí ag ceannach fógraí ann.[9]

Agus podchraoladh nua ar na bacáin ag Seachtain sa bhliain 2023, dúirt grúpcheannasaí closábhair Mediahuis Mary Carroll go raibh "branda Seachtain an-láidir anois, a bhuíoch don fhoireann a bhíonn ag obair ar an bpáipéar".[16]

Tá podchraoladh Seachtain anois le cloisteáil ar bhonn seachtainiúil.[2] Agallaimh a bhíonns i gceist leis mar a phléitear idir scéalta nuachta agus scéalta ón am atá thart. Maireann na heagráin thart faoi 20 nóiméad.[17]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Elaine Harrington. "UCC Library: Newspapers: Seachtain (2013-)" (ga ⁊ en). libguides.ucc.ie. Dáta rochtana: 2025-07-15.
  2. 2.0 2.1 2.2 Oifig an Choimisinéara Teanga (Aibreán 2025). "Na Meáin Ghaeilge": lch 2. 
  3. 3.0 3.1 3.2 Ciarán Dunbar (5 Samhain 2025). "Is breacadh lae úir an tOireachtas do chathair Bhéal Feirste". Seachtain: lgh 6-7. 
  4. 4.0 4.1 4.2 "‘Seachtain’ – Ireland’s only Irish language newspaper" (as Béarla) (30 DF 2013). Irish Independent. 
  5. Rónán Ó Muirthile (12 Feabhra 2025). "Tús Áite: Mír na Meán". Raidió na Gaeltachta. Dáta rochtana: 2025-07-15.
  6. "Rónán Ó Muirthile - IADT" (en-GB). IEDL. Dáta rochtana: 2025-07-15.
  7. 7.0 7.1 7.2 7.3 7.4 Breandán Delap (Deireadh Fómhair 2013). "An bhFuil Pobal Léitheoireachta Gaeilge Ann?". Beo! (150). 
  8. Cathal Goan (10 Márta 2016). "Na Meáin Ghaeilge ó 1916 anuas". The Irish Times: lgh 66–67. 
  9. 9.0 9.1 Gráinne Uí Chaomhánaigh (27 Samhain 2024). "Tús Áite: Mír na Meán". Raidió na Gaeltachta. Dáta rochtana: 2025-07-15.
  10. 10.0 10.1 10.2 10.3 10.4 10.5 Conchubhar (2013-09-26). "Shock horror! Independent publishes its own Irish language news supplement" (en). Slugger O'Toole. Dáta rochtana: 2025-07-15.
  11. Regina Uí Chollatáin (18 Aibreán 2011). "Tuarascáil ar straitéis úr maidir le Foras na Gaeilge i leith earnáil na meán Gaeilge clóite agus ar líne: Athláithriú agus athshealbhú teanga": lch 58. 
  12. 12.0 12.1 "‘Seachtain’ mar nach raibh sé riamh roimhe". Nuacht24 (25 Meán Fómhair 2013). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 19 Samhain 2017.
  13. Dónall Mac Murchaidh (09 Deireadh Fómhair 2017). "9 leid chun post a fháil sna meáin Ghaeilge". NÓS. Dáta rochtana: 2025-07-15.
  14. Ciarán Dunbar (13 Márta 2014). "Bua seachas cúlú siar". Meon Eile. Dáta rochtana: 2025-07-15.
  15. Ciarán Dunbar (16 Deireadh Fómhair 2024). "Nuachtán nua le seoladh ag an Oireachtas". NÓS. Dáta rochtana: 03 Samhain 2024.
  16. "Léiritheoir podchraoltaí de dhíth". Irish Independent (2023-12-19). Dáta rochtana: 2025-07-15.
  17. Emer Dowling (29 Deireadh Fómhair 2024). "Léirmheas ar Phodcraoltí Gaeilge". University Observer. Dáta rochtana: 2025-07-15.