Jump to content

Irish Independent

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí NuachtánIrish Independent
Cineálnuachtán laethúil
Cárta innéacs
TeangaBéarla
Am tosaigh1905 Cuir in eagar ar Wikidata
Bunaitheoir(í)William Máirtín Ó Murchadha
ÚinéirIndependent News & Media
Áit a fhoilsitheBaile Átha Cliath
Tréith
Formáid nuachtáindlúth
Aitheantóirí
ISSN0021-1222

Suíomhindependent.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Rottentomatoes: critics/source/2567
X: Independent_ie Bluesky: independent.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Nuachtán laethúil Béarla in Éirinn is é an Irish Independent. Is i mBaile Átha Cliath atá sé bunaithe. Ar dheis ón lár atá sé lonnaithe ó thaobh na polaitíochta de. Tá gaol aige leis an nuachtán Domhnaigh The Sunday Independent agus The Herald.

Sa bhliain 2019 ghlac INM, ar leo an Irish Independent, le tairiscint ón ngrúpa ón mBeilg Mediahuis leis an gcomhlacht a cheannach ar €145.6 milliún.[1]

Tá ceanncheathrú an Irish Independent i Sráid Thalbóid
Sean-cheanncheathrú an Irish Independent i Sráid na Mainistreach Uachtarach

Iriseoireacht i nGaeilge

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhíodh altanna rialta Gaeilge ann sna seachtóidí.[2] Bhí sé amuigh ar Independent News and Media sna 2000í go rabhadar naimhdeach i leith na Gaeilge, agus feachtas binbeach acu i gcoinne bhunú Theilifís na Gaeilge m.sh.[3][4]

Foinse (2009–2013)

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Príomhalt: Foinse

Fógraíodh sa bhliain 2009 go mbeadh leagan nua den nuachtán Foinse, a bhain cáil amach ó bunaíodh é, á dháileadh in éineacht leis an Irish Independent gach Céadaoin. Fiontar a bhí ann nár tugadh faoina leithéid roimhe.[5][4]

Shaothraigh an socrú brabach don dá nuachtán "trí cur le líon na léitheoirí agus ioncam breise fógraíochta a ghnóthú dá réir."[5] Bhí sé ina bhealach freisin chun glúin úr léitheoirí a mhealladh mar áis foghlamtha.[4] De réir tuairiscí bhíodh ardú suntasach sa díolachán Dé Céadaoin de thairbhe Foinse a bheith ann.[6]

Nuair a cuireadh deireadh le Foinse mar nuachtán clóbhuailte sa bhliain 2013, ní raibh ach tuairim is coicís ann sula raibh foireann nua eagraithe le foilseachán nua a chur le chéile ina áit.[5][3]

Seachtain (2013 i leith)

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Déantar dáileadh ar Seachtain, foilseachán Gaeilge faoi úinéireacht Mediahuis, in éineacht leis an Irish Independent uair sa tseachtain ó shin i leith, ar an gCéadaoin.[7] Foilsíonn sé scéalta nuachta, spóirt, gné-ailt agus ailt nach iad.[8]

Ní fhaigheann sé deontas ón stát agus "maireann sé ar chúiseanna tráchtála."[9] B'í Seachtain an t-aon nuachtán clóbhuailte Gaeilge dá raibh ann ar feadh os cionn deich mbliana, go dtí gur bunaíodh An Páipéar sa bhliain 2024.[10] Dúirt eagarthóir an Irish Independent Cormac Burke sa bhliain 2024 gur léirigh Seachtain go bhfuil an Indo "go mór i bhfách leis an nGaeilge".[11] Is léiriú é Seachtain ar athrú meoin san eagraíocht dar le Ciarán Dunbar.[12]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "INM le díol le comhlacht ón mBeilg ar €145.6m". Nuacht RTÉ (30 Aibreán 2019). Dáta rochtana: 15 Iúil 2025.
  2. Breandán Delap (Samhain 2006). "Go leor le baint amach go fóill ag na meáin Ghaeilge". Beo! (67). 
  3. 3.0 3.1 Conchubhar (2013-09-26). "Shock horror! Independent publishes its own Irish language news supplement" (en). Slugger O'Toole. Dáta rochtana: 2025-07-15.
  4. 4.0 4.1 4.2 Breandán Delap (Nollaig 2009). "Na Nuachtáin Nua". Beo! (104). 
  5. 5.0 5.1 5.2 Breandán Delap (Deireadh Fómhair 2013). "An bhFuil Pobal Léitheoireachta Gaeilge Ann?". Beo! (150). 
  6. Uí Chollatáin (2011), lch 58.
  7. Oifig an Choimisinéara Teanga (Aibreán 2025). "Na Meáin Ghaeilge": lch 2. 
  8. "‘Seachtain’ – Ireland’s only Irish language newspaper" (as Béarla) (30 DF 2013). Irish Independent. 
  9. Ciarán Dunbar (13 Márta 2014). "Bua seachas cúlú siar". Meon Eile. Dáta rochtana: 2025-07-15.
  10. Ciarán Dunbar (16 Deireadh Fómhair 2024). "Nuachtán nua le seoladh ag an Oireachtas". NÓS. Dáta rochtana: 2025-07-15.
  11. "Tessa Fleming chun podchraoladh nua Seachtain a stiúradh". Seachtain (06 Márta 2024). Dáta rochtana: 2025-07-15.
  12. Ciarán Dunbar (5 Samhain 2025). "Is breacadh lae úir an tOireachtas do chathair Bhéal Feirste". Seachtain: lgh 6-7.