Tonnmharcaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula d'esportTonnmharcaíocht
Cineálspórt uisce, clármharcaíocht agus spórt oilimpeach

Is spórt mara é tonnmharcaíocht (surfáilmarcaíocht mhaidhme uaireanta), spórt ina luíonn nó seasann duine ar thonnchlár. Tugann an tonn isteach chuig an trá thú.[1]

Cleachtar an spórt in agus ar roinnt soithí éagsúla. Ina measc tá clár maidhme, clár colainne, clár seoladh, cadhc, currach, agus fiú tocht ghaoth. Is é an bun-phrionsabal céanna a úsáidtear, brúnn fuinneamh na maidhme an marcach ar aghaidh.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá stair an spóirt ársa seo chomh rúndiamhracht leis an spórt é féin. Níl a fhios go baileach cén áit ar ghineadh cultúr an spóirt chultais seo. Luath nó mall is cinnte gur tháinig feasacht chúrsaí mara ar aon dream a chur chun farraige riamh. Cosmhuintir tír s'againn féin ina measc. Mhúnlaigh siad a gcuid currachaí agus naomhóga ag brath ar an gceantar farraige a raibh siad ar fónamh. Cinnte bhí an fheasacht chéanna de dhíth ar mhuintir chladaigh iarthair na hAfraice agus Peiriú. Go deimhin thug a sinsir siúd adhradh do mhaidhmeanna. Pé scéal tá rian an chultúr marcaíocht mhaidhme greanta go smior i gcultúr na hoileáin Hawai'i. Is gairdín pharthais iad na hoileáin chéanna don mharcach maidhme. Tá siad suite i gcroílár an Aigéin Chiúin gan foscadh ó suaitheadh na farraige móire. Ní nach ionadh mar sin gur ann a tháinig fás agus borradh faoin spórt seo. Ní amháin gur chleacht gnáthmhuintir na n-oileán an marcaíocht mhaidhme ach is cosúil gur deasghnáth ríoga a bhí ann chomh maith. Ba ag na taoisigh a bhí ceart a bhealaigh ar na maidhmeanna. Ba le teacht an Captaen James Cook chuig na hoileáin seo i 1778 a tháinig muintir na hEorpa agus muintir an domhain mhóir ar an spórt.

Clár maidhme[cuir in eagar | athraigh foinse]

In ainneoin tuiscint forleathan i measc daoine nach gcleachtann an mharcaíocht mhaidhme is fíor annamh a fhaightear clár déanta as adhmad sa lá atá inniu ann. Déantar formhór na gcláracha maidhme nua-aimseartha as cúr urethane (le snáth adhmaid mar spreacadh), snáithín gloine agus roisín polyester. Braitheann múnla agus fad an chláir ar stíl agus cumas an mharcaí. Tá raon idir chúig throigh agus aon troigh déag ag fad na gcláracha.

Rialacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Creid nó ná creid ar nós chuile spórt eile tá a rialacha féin ag baint le marcaíocht mhaidhme. Má bhíonn beirt ag ceasladh don mhaidhm chéanna caitheann an té is faide géilleadh don té is gaire don bhriseadh agus atá ina sheasamh. Is faoin té atá ag ceasladh amach i dtreo na maidhme an cúram marcaí eile a sheachaint.

Maidhmeanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Marcaíocht mhaidhme i Haváí

Briseann maidhmeanna le neart agus fuinneamh éagsúil. Is iondúil go mbriseann maidhm réidh neamh rialta ar thránna. Meallann an cineál maidhme seo foghlaimeoirí don chuid is mó. Briseann maidhmeanna níos mó agus le níos mó fuinnimh ar ghob talún a síníonn amach sa bhfarraige. Ní mhór cumas réasúnta maith a bheith agat chun dul ar an gcineál seo maidhme. Is ar an gcineál seo maidhme atá an tóir is mó orthu. Briseann maidhme ollmhóra ar charraigeacha fo-thoinn a bhíonn suite don chuid is mó i bhfarraigí doimhne. Is féidir leis na maidhmeanna seo a bheith os cionn 100 troigh ar airde. Gan dabht mar sin is marcach ar leith a théann i ngleic leis na maidhmeanna seo.


Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. COGG. "An Astráil". Dáta rochtana: 2023.[nasc briste go buan]


Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]