Surfáil eitleoige

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is spórt mara é an surfáil eitleoige (Béarla: kiteboardingkitesurfing) a bhaineann úsáid as an ngaoth leis an duine a tharraingt tríd an uisce ar clár surfála beag nó ar chlár surfáil eitleoige. Go hiondúil bíonn an bhéim sa surfáil eitleoige curtha ar marcaíocht tonnta ach tá saorstíl ann chomh maith.

Jesse Richman, tonn "Jaws", Peʻahi, Maui, Hawaii, 2016

Baineann an surfálaí eitleoige úsáid as clár le nó gan strapaí cos in éineacht le cumhacht ó eitleog mhór a bhíonn faoi smacht aige len é féin a tharraingt trasna dromchla na farraige. I 2006, rinneadh meastachán ar líon na surfálaithe eitleoige ag thart ar 150,000 go 210,000, ;e 114,465 eitleog díolta an bhliain sin.

Tá an spórt ag éirí níos sábháilte mar gheall ar athraithe i dearadh na n-eitleog, córais le scaoileadh leis an eitleog go sábháilte agus treoracha. Tá an stíl ag forbairt le feiliúint do surfálaithe agus do choinníollacha éagsúla.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]