Rùm
| Cineál | Oileán | ||||
|---|---|---|---|---|---|
| Suite laistigh de/ar ghné fhisiciúil | Na h-Eileanan Tarsainn | ||||
| Suíomh | |||||
| Limistéar riaracháin | Comhairle na Gàidhealtachd, Scotland agus Na h-Eileanan Tarsainn, Scotland | ||||
| |||||
| Suite i nó in aice le limistéar uisce | Muir Inse Ghall agus an tAigéan Atlantach | ||||
| Tréithe | |||||
| Pointe is airde | Aisgeabhal | ||||
| Achar | 104 km² | ||||
| Suíomh gréasáin | isleofrum.com | ||||
Is oileán é Rùm, ceann de na h-Eileanan Tarsainn, [1] i gComhairle na Gàidhealtachd. Tá sé suite sna h-Eileanan a-staigh, ó dheas den Eilean Sgitheanaich agus siar ó Mhalaig. Le limistéar 40 míle cearnach, is é Rùm an t-oileán is mó de na h-Eileanan Tarsainn.
An tOileán (An t-Eilean)
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is é Ceann Locha an sráidbhaile ( nó an clochán) is mó ar an oileán, atá suite ar an taobh thoir ag ceann Loch Scresort, áit a bhfuil an mhuiríne freisin. Tá Caisleán Cheann Locha in aice leis an sráidbhaile agus tógadh é sa bhliain 1900. Is é "A' Bhrideanach" an rinn is faide siar ar an oileán. Is é Askival (812 méadar) an bhinn is airde ar an oileán, atá suite thart ar 5 chiliméadar ó dheas ó Chinn Locha. Tugtar "Na Cuilthionnan Ruma" ar na sléibhte ar an oileán, atá difriúil ó na Cuiltheann ar Eilean Sgitheanach.
De réir dhaonáireamh 2011, tá 22 duine ina gcónaí ar an oileán féin, iad go léir i gCeann Locha. Tá formhór acu ag obair mar thaighdeoirí nó fostaithe le Buidheann Nàdair na h-Alba. Tá siad ina gcónaí ann lena dteaghlaigh, agus mar sin tá bunscoil bheag ann le múinteoir amhamháin. Tá halla an tsráidbhaile, siopa, agus oifig an phoist i gCeann Locha freisin, ach níl teach tábhairne nó séipéal ann. Feidhmíonn an bád farantóireachta MV Loch Nibheis idir Mallaig is Canaigh, Eige, Rùm is Eilean nam Muc.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí daoine ina gcónaí in Rùm ón 8ú haois RCh, agus bhí na Lochlannaigh ann freisin. Bhí thart ar 450 duine ina gcónaí san oileán tráth. Ach idir 1826 agus 1828, le linn na bhFuadach, b’éigean do gach duine an t-oileán a fhágáil chun Rùm a chur faoi chaora. D’imigh 300 duine go hAlbain Nua (Nova Scotia) sa bhliain 1826, agus an chuid eile acu i 1828 in éineacht le 150 duine eile ó Eilean nam Muc. Dúirt finné a bhí i láthair gur chuir an eachtra seo sceimhle agus crá croí air go deo:
"the wild outcries of the men and heart-breaking wails of the women and children filled all the air between the mountain shores".[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Faclair SMO
- ↑ Waugh, Edwin (1882) The Limping Pilgrim quoting an unknown shepherd. Recorded in Love, J.A. "Rhum's Human History" in Clutton-Brock and Ball (1987) duilleag 40.
