Lios Mòr

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilLios Mòr

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 56°31′00″N 5°30′00″W / 56.5167°N 5.5°W / 56.5167; -5.5
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta AontaitheAlbain
Limistéar comhairle in AlbainEarra-Ghàidheal agus Bòd Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán192 (2011) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús8.17 hab./km²
Tíreolaíocht
Cuid deNa hOileáin Laistigh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla2,351 ha Cuir in eagar ar Wikidata
Tomhas2 km Cuir in eagar ar Wikidata (Amplada) × 16 km Cuir in eagar ar Wikidata  (Llargada) default
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn Linne Latharnach Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Radharc ar an Lios Mór agus ar shléibhte Cheann Gheàrrloch
Caisteal Achanduin i Lios Mór
Caisteal Choeffin sa bhliain 1995

Ceann de na h-Eileanan a-staigh is ea an Lios Mòr. Tá sé in oirthuaisceart Mhuile san Loch Dubh, in iarthar na hAlban. Bhí sé uair amháin mar chuid den chontae traidisiúnta Earra-Ghàidheal; anois tá sé á riaradh ag Chomhairle Earra-Ghaidheal agus Bòd..


Tá Lios Mór 12 chiliméadar ar fad agus 2 chiliméadar ar leithead le 5,809 acra cearnacha i méid. Is é Achad na Croise an baile is mó. Is é Barr Mòr (127 méadar; 416.7 troigh) an sliabh is airde ar an oileán. Tá Teach Solais an Leasa Mhòir suite ar an Oileán Musdile san airde thiar theas den Lios Mór. Ba é Robert Stevenson a thóg an teach solais. Tá Broch Cruithneach in aice le Tír Fhuar (Béarla:Tirfuir) , a bhallaí chomh hard le 15 troigh agus chomh tiubh le 19 troigh. Tá dhá chaisleán ón 13ú haois ann freisin, Caisteal Choeffin agus Caisteal Achadh an Dúin.

Sa bhliain 2001 bhí 146 duine ina gcónaí ann. De réir an daonáirimh sa bhliain 2011, bhí 192 duine ina gcónaí i Lios Mòr anois.[1] Níl ach siopa amháin ann, áit a bhfuil oifig an phoist ann freisin. Tá bunscoil i Lios Mòr ach don mheánscoil caithfidh na páistí dul go dtí an t-Òban .

Tá Lios Mòr ceangailte le mórthír na hAlban ag dhá bhád farantóireachta. Téann an bád farantóireachta do charranna go dtí an t-Òban, agus bád farantóireachta do dhaoine amháin idir tuaisceart an oileáin agus Port na h-Apann .

Ba é Lios Mòr lárionad na Críostaíochta. Bhí mainistir ann a bhunaigh Naomh Moluag, (530 - 592), manach as Éirinn comhaimseartha le Calum Cille.. Sna Meánaoiseanna bhí easpaig Earra-Ghàidheal ina gcónaí i gCaisteal Achadh an Dúin go dtí an 16ú haois.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. National Records of Scotland 2011 Census Earr-ràdh 2: Population and households on Scotland’s inhabited islands (PDF). Air a tharraing 10 an Lùnastal 2015

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]