Earra-Ghàidheal

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Earra-Ghàidheal

Seanshír in iarthar na hAlban is ea Contae Earra-Ghàidheal (Earraghael i nGaeilge na hÉireann). Is ionann a cheantar agus nuacheantar Chomhairle Earra-Ghàidheal agus Bòd seachas Eilean Bhóid agus ceantar Bhaile Eilidh, ach tá na ceantair A' Mhorbhairne agus Àird nam Murchan de chuid Chomhairle na Gàidhealtachd san áireamh.

Is é an chéad choilíneacht Ghaelach in Albain é, agus is ionann a cheantar agus Dál Riata den chuid is mó. Tá a lán láithreán stairiúil ann, mar shampla ag Dún Athad.

Cuimsíonn Earra-Ghàidheal Earra-Ghàidheal Meadhanach, Latharn, na leithinisí Cinn Tìre agus Cómhghall, agus na hoileáin (Íle, Diúra, Colbhasa, Muile, Giogha).

Is iad na bailte is mó ann ná an t-Óban, Inbhir Aora, Ceann Loch Gilb, agus Ceann Loch Chille Chiaráin.

Bailte[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tíreolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]