Paróistí Sibhialta in Éirinn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tá timpeall 2,500 paróiste sibhialta in Éirinn.[1] Baineadh úsáid as an bparóiste sibhialta mar limistéar riaracháin ag an Rialtas go dtí gur cruthaíodh an toghroinn ceantair sa bhliain 1838, ach amháin gur baineadh úsáid astu sna daonáirimh go dtí 1891. Ó 1901 ar aghaidh, baineadh úsáid as na toghranna ceantair sna daonáirimh.

Tá bunús an pharóiste sibhialta in Éirinn le fáil sa pharóiste eaglasta réamh-reifeirméisean. Bhain an Rialtas feidhm as na paróistí eaglasta réamh-reifeirméisean éagsúla agus suirbhéanna á riaradh ón 17ú aoise ar aghaidh. Leagadh amach teorannacha na bparóistí sibhialta ar léarscáileanna agus suirbhéireacht ordanáis na hÉireann ar siúl idir 1824 agus 1846.

Cé nach bhfuil aon stádas oifigiúil ag na paróistí sibhialta a thuilleadh i bPoblacht na hÉireann nó i dTuaisceart Éireann, níor cuireadh ar neamhní iad ach oiread.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]