Otto von Guericke
Jump to navigation
Jump to search
Otto von Guericke | |||
---|---|---|---|
![]() | |||
| |||
Saol | |||
Eolas breithe | Magdeburg, 20 Samhain 1602, 30 Samhain 1602, 1602 | ||
Bás | Hamburg, 11 Bealtaine 1686, 21 Bealtaine 1686, 1686 | ||
Áit adhlactha | Magdeburg | ||
Oideachas | |||
Alma mater | Ollscoil Leipzig | ||
Teangacha | An Laidin | ||
Gairm | |||
Gairm | fisiceoir, cumadóir, polaiteoir, saineolaí dlí, innealtóir, déantóir uirlisí agus eolaí | ||
Áit oibre | Magdeburg agus Hamburg | ||
Fostóirí | Magdeburg |
Fisicí a rugadh i Magdeburg na Gearmáine ab ea Otto von Guericke (30 Samhain 1602 – 21 Bealtaine 1686, de réir fhéilire Ghréagóra). D'fheabhsaigh sé an caidéal uisce (1650) ionas go raibh sé in ann an t-aer a bhaint amach as soitheach is folús a dhéanamh ann. Rinne sé léiriú drámata ar an bhfolús le dhá leathsféar Magdeburg. Dhá leathsféar copair, 50 cm ar trastomhas, ab ea iad, curtha le chéile le gréisc idir na himill. Rinne sé folús sa soitheach, agus níorbh fhéidir le dhá chapall an dá leath a tharraingt óna chéile.
Íomhánna[cuir in eagar | athraigh foinse]
Caidéal agus dhá leathsféar Magdeburg ón 17ú haois sa Deutsches Museum i München.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |