Caidéal

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Caidéal

Meaisín chun sreabhángás a aistriú ó ionad go hionad eile is ea an caidéal. In úsáid de ghnáth chun sreabhán, go minic uisce, a aistriú trí phíobáin chuig ionad níos airde. Na caidéil mheicniúla is luaithe a bhfuil taifead orthu, sa tSín sa 1ú céad RC, ba shlabhraí sráideog cearnach iad. Is féidir leis an gcaidéal is simplí, a bhaineann úsáid as brú an aeir, uisce a ardú timpeall 10 m. Soláthraíonn caidéil níos casta uisce príomhlíonra do thomhaltóirí, agus uisce fuaraithe d'inneall gluaisteáin. Úsáidtear brúchaidéil chun boinn rothair is liathróidí peile a shéideadh. Súnn caidéal folmhaithe an t-aer amach as soitheach chun páirtfholús a chruthú. Is saghas caidéil an croí freisin, chun an fhuil a aistriú tríd an gcóras imshruthaithe ar fud na colainne.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Caidéal". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 104.