Hamburg
| Freie und Hansestadt Hamburg (de) | |||||
|
|||||
| Siombail oifigiúil | Hammonia (en) | ||||
| Suíomh | |||||
| |||||
| Stát ceannasach | An Ghearmáin | ||||
| Príomhchathair de | Bouches-de-l'Elbe (1811–1814) | ||||
| Daonra | |||||
| Iomlán | 1,853,935 (2021) | ||||
| • Dlús | 2,455.25 hab./km² | ||||
| Tíreolaíocht | |||||
| Cuid de | Hamburg Metropolitan Region (en) | ||||
| Achar dromchla | 755.09 km² | ||||
| Suite i nó in aice le limistéar uisce | Alster, An Eilbe, Bille, Seevekanal (en) | ||||
| Airde | 6 m | ||||
| Pointe is airde | Hasselbrack (en) | ||||
| Ar theorainn le | Schleswig-Holstein Pinneberg (en) Reinbek Segeberg (en) Herzogtum Lauenburg (en) Stormarn (en) Harburg (en) Halstenbek (en) Bönningstedt (en) An tSacsain Íochtarach Norderstedt Seevetal Neu Wulmstorf Stade (en) | ||||
| Sonraí stairiúla | |||||
| Leanann sé/sí | Landherrenschaft Hamburg agus Landkreis Hamburg (en) | ||||
| Eachtra thábhachtach | Bombing of Hamburg in World War II (en) Léigear Hamburg (1813) Siege of Hamburg (en) staple right (en) Reifirméisean (1528) Boerse Hamburg - Regulierter Markt (en) | ||||
| Éarlamh | Muire | ||||
| Eagraíocht pholaitiúil | |||||
| Comhlacht reachtach | Parlaimint Hamburg | ||||
| • Céad Mhéara Hamburg | Peter Tschentscher (en) | ||||
| Údarás breithiúnach is airde | Hamburg Constitutional Court (en) | ||||
| Aitheantóir tuairisciúil | |||||
| Cód poist | 20095–21149 agus 22041–22769 | ||||
| Lonnaithe i gcrios ama | |||||
| Glaochód | 040 agus 4721 | ||||
| Cód ISO 3166-2 | DE-HH | ||||
| Cód NUTS | DE6 | ||||
| German regional key (en) | 020000000000 | ||||
| German municipality key (en) | 02000000 | ||||
| Eile | |||||
| Suíomh gréasáin | hamburg.de… | ||||
Is é Hamburg (Gearmáinis Íochtarach: Hamborg) an dara chathair is mó sa Ghearmáin. Tá sí suite i dtuaisceart na tíre, idir Schleswig-Holstein agus Niedersachsen, ach ní bhaineann sí le ceachtar den dá stát sin, nó tá an chathair féin ina stát feidearálach de chuid na Gearmáine. Sin é an tuige go dtugtar "Cathair Shaor agus Hainseatach Hamburg" uirthi go hoifigiúil, nó Freie und Hansestadt Hamburg.
Tíreolaíocht agus stair[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá an chathair roinnte i seacht gceantar riaracháin (Bezirke), mar atá: Nord, nó an Tuaisceart; Eimsbüttel, Altona, Harburg, Bergedorf, agus Mitte, nó Lár na Cathrach.
Tá Hamburg ar an gcuan is mó sa Ghearmáin, rud a d'fhág a shliocht ar an áit riamh. Bhí pobal Síneach agus go leor pobail eachtrannacha eile i Hamburg i bhfad sular tosaíodh ag caint ar an "ilchultúrachas". Ón taobh eile de, leis na mairnéalaigh, tháinig an meirdreachas, agus is dócha gurb é ceantar na gclubanna oíche is na ndrúthlann, St. Pauli, an logainm is aithnidiúla sa chathair, i measc mhuintir na dtíortha coimhthíocha. B'ansin a thosaigh na Beatles ag teacht i láthair mar cheoltóirí, nuair a bhí siad ag seinm sa Star-Club ar phríomhshráid na ceathrún deirge, Die Grosse Freiheit.
Is follasach gur lárionad tábhachtach cultúir í an chathair seo freisin.
Daoine[cuir in eagar | athraigh foinse]
B'as Hamburg do go leor scríbhneoirí nó ealaíontóirí clúiteacha:
- Wolfgang Borchert, file an tsíochánachais agus iarshaighdiúir an airm Ghearmánaigh a fuair bás le heitinn go gairid i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda. B'é an dráma úd Draußen vor der Tür ("Amuigh ar an Tairseach") a thabhaigh a cháil iarbháis dó, agus é suite i Hamburg.
- Cé gur i München a rugadh é, is i Hamburg a d'fhás an aisteoir clúiteach Moritz Bleibtreu aníos.
- B'as Hamburg do na cumadóirí Johannes Brahms, Felix Mendelssohn Bartholdy agus Gustav Mahler.
Gailearaí[cuir in eagar | athraigh foinse]
-
Die Hamburger Speicherstadt, nó Cathair na dTrádstóras
-
Hamburger Fernsehturm, túr tarchurtha teilifíse agus sainchomhartha tíre
-
Die Große Freiheit, croílár na ceathrún deirge i Hamburg
-
Calafort Hamburg agus Michel, nó Ardeaglais an Ardaingil Mícheál
Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
| Is síol faoi thíreolaíocht na Gearmáine é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
