Caiseoipé (réaltbhuíon)
Appearance
Ainm Laidine (IAU) | Cassiopeia |
---|---|
Nod | Cas |
Ginideach Laidine | Cassiopeiae |
Siombalaíocht | an Bhanríon ina suí |
Dronairde | 1 h |
Diallas | +80° |
Achar | 598 céim cearnach Céim 25ú |
Líon na réaltaí (amharcmhéid < 3) | 4 |
Réalta is gile | α Cas (Schedar) (méid 2.23) |
Dreigecheathanna | |
Réaltbhuíonta ar theorainn leista | |
Infheicthe sna leithid idir +90° agus −20° Sárfheicthe i rith na míosa seo: Samhain an infheictheacht is fearr |
Tá Caiseoipé ar cheann de na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha a nglacann an tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta leo; tá sí ar cheann chomh maith de na 48 réaltbhuíon a d'aithin Tolamaes sa dara haois. Is é Cassiopeia an t-ainm Laidine a thugtar uirthi.
Príomhghnéithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]- γ Cas: réalta athraitheach chorr agus fréamhshamhail na réaltaí Gamma Cassiopeiae (.i. B-réaltaí atá ag rothlú go mear agus ag cailleadh maise óna gcreasa meánchriosacha); méid 1.3 – 3.0. Is réalta dhúbailte optúil chomh maith í γ Cas (BU 1038): méid 2.20 agus 10.90; deighilt 2.3"; uillinn suímh 252° (sa bhliain 1961). Tá comhbhall eile le feiceáil freisin (BU 499): méid 12.90; deighilt 53.2"; uillinn suímh 346° (sa bhliain 1999).
- η Cas: ilréalta le hocht chomhbhall (STF 60); tá an AB-péire ar cheann de na déréaltaí is cáiliúla sa spéir; William Herschel a d'aimsigh sa bhliain 1779 í; méid 3.52 agus 7.36; deighilt 12.9"; uillinn suímh 319° (2005). Is comhbhaill optúla iad na sé chomhbhall eile agus iad ar méid 8.41 go 11.75.
- ι Cas: ar cheann de na tríréaltaí is áille sa spéir (STF 262); tá na trí chomhbhall ar méid 4.63, 6.92 agus 8.40; deighilt 2.9" agus 7.6"; uillinn suímh 230° agus 115° (2004); is réalta athraitheach an phríomhréalta den saghas Réalta Alpha Canum Venaticorum, agus is déréalta speictreascópach í chomh maith.
- ρ Cas: hipearfhathach buíbhán atá níos mó ná 500 000 uair chomh lonrúil leis an nGrian; athraíonn sí ón gceathrú go dtí an séú méid gach 10 nó 11 mí.
- R Cas: réalta Mira Ceti (saghas M) agus tríréalta optúil (ES 37). Tá an phríomhréalta ar méid 4.70 go 13.50; tréimhse 430.46 lá. Tá na comhbhaill B agus C ar méid 14.50 agus 11.00; deighilt 18.1" agus 30.3"; uillinn suímh 269° agus 321° (sna blianta 1962 agus 1991 faoi seach).
- RZ Cas: réalta athraitheach uraitheach den saghas EA/SD (.i. cosúil le hAlgol ach leathscoite); ar méid 6.18 go 7.72; tréimhse 1.195247 lá. Tá an tréimhse ag dul chun síneadh le tamall anuas!
- AO Cas: réalta athraitheach cháiliúil, agus ar cheann de na córais réaltacha is mórmhaise dá bhfuil ann; den saghas ELL/KE (.i. réalta athraitheach rothlaithe éileapsóideach agus déréalta theagmhála atá ann); méid 6.07 go 6.24; tréimhse 3.523487 lá.
Réada suntasacha domhainspéire
[cuir in eagar | athraigh foinse]- M52: réaltbhraisle oscailte atá infheicthe le déshúiligh.
- M103: réaltbhraisle oscailte bheag is fhadaithe atá sárfheicthe le teileascóp beag seachas déshúiligh.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Miotaseolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Réaltaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Féach fosta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Yale Bright Star Catalog
- Caiseoipé ar shuíomh Robin Gatter Curtha i gcartlann 2006-05-08 ar an Wayback Machine
- Ian Ridpath's Star Tales
- Caiseoipé agus miotaseolaíocht an Domhain Curtha i gcartlann 2006-05-09 ar an Wayback Machine
- Caiseoipé ar shuíomh Richard Dibon-Smith
- Peoria Astronomical Society: Caiseoipé Curtha i gcartlann 2006-04-22 ar an Wayback Machine
- The Deep Photographic Guide to the Constellations: Caiseoipé
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.1. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23673-0.
Na 48 réaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes |
an Abhainn | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Cupán | an Cúpla | an Deilf | an Dragan | an Eala | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIolar | an Leon | an Lir | an Long | an Madra Beag | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Míol Mór | Peigeasas | Peirséas | an Phéist | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Tarbh | an Triantán | an tUisceadóir |