An Compás

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An Compás
an Compás
an Compás
Ainm Laidine (IAU)Circinus
NodCir
Ginideach LaidineCircini
Siombalaíochtan Compás
Dronairde15 h
Diallas−60°
Achar93 céim cearnach
Céim 85ú
Líon na réaltaí
(amharcmhéid < 3)
0
Réalta is gileα Cir
(méid 3.2)
Réaltbhuíonta
ar theorainn leista
Infheicthe sna leithid idir +10° agus −90°
Sárfheicthe i rith na míosa seo: Meitheamh an infheictheacht is fearr

an Compás ar cheann de na réaltbhuíonta beaga deisceartacha. Léiríonn sé compás línitheora, uirlis a mbaintear úsáid as chun ciorcail, srl., a tharraingt. Bí cúramach gan é a thógáil in abhraíocht réaltbhuíon Chompás an Mhairnéalaigh.

Circinus an t-ainm Laidine a thugtar ar an gCompás. As Béarla, aistrítear an t-ainm seo mar The Pair of Compasses chun é a aithint ó Pyxis (.i. Compás an Mhairnéalaigh), nó The Mariner's Compass.


Príomhghnéithe[cuir in eagar | athraigh foinse]


Réada suntasacha domhainspéire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é an réalteolaí Francach an tAb Nicolas Louis de Lacaille a chruthaigh réaltbhuíon an Chompáis. Chaith Lacaille na blianta 1751 agus 1752 san Afraic Theas agus é ag clárú réaltaí an leathsféir theas. Bhí beagnach 10,000 réalta agus 42 réada domhainspéire ar an léarscáil neamhaí a rinne sé ag an am sin. Tháinig amach an chéad eagrán sa bhliain 1756 ach ní raibh ann ach plánaisféar agus é sa teanga Fraincise. Níor foilsíodh an chatalóg iomlán agus eagrán deifnídeach an phlánaisféir go dtí an bhliain 1763, bliain amháin tar éis bhás Lacaille. Coelum Australe Stelliferum an t-ainm a thug Lacaille ar an leabhar seo. San eagrán seo, d'aistrigh sé na hainmneacha ón bhFraincis go dtí an Laidin, agus chuir sé trí réaltbhuíon na Cíle, na Seolta agus Dheireadh na Loinge in áit Argo Navis (nó Le Navire, mar a thug sé air sa chéad eagrán).

Le linn dó a bheith ag cur i gclár na réaltaí theas, chum Lacaille ceithre réaltbhuíon déag chun áiteanna éigin i ndeisceart na spéartha a líonadh nach raibh a lán réaltaí iontu – agus an Compás ina measc (féach an bosca thíos). Sa lá atá inniu ann glacann an an tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta (ARI) le gach ceann de na réaltbhuíonta sin; agus glactar freisin leis na trí réaltbhuíon a rinne Lacaille as an Long.

Ar dtús thug Lacaille an t-ainm Le Compas ar an réaltbhuíon seo, ach Circinus an t-eagrán Laidine atá ar Coelum Australe Stelliferum.

Miotaseolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ós rud é nár cruthaíodh réaltbhuíon an Chompáis go dtí an 18ú haois, níl aon bhaint aici le miotaseolaíocht an tSeansaoil. Lena chois sin, ní bhaineann aon mhiotaseolaíocht leis an réaltbhuíon seo ós rud é gur scoir Lacaille den thraidisiún sin ar dá réir a d'ainmnítí na réaltbhuíonta as carachtair mhiotaseolaíocha; ina áit sin roghnaigh sé go formhór ainmneacha uirlisí a úsáidtear sna heolaíochtaí.

Réaltaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach fosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.2. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23673-0.


Réaltbhuíonta a chruthaigh an tAb Nicolas Louis de Lacaille sna blianta 1751 agus 1752

an tAerchaidéal | an Clog | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | an Dealbhóir | an Fhoirnéis | an Liontán | an Micreascóp | an tOchtamhán | an Péintéir | an Riail | an Siséal | an Tábla | an Teileascóp


Na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha
an Abhainn | an tAerchaidéal | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAonbheannach | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | an Caimileon | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | an Chíle | an Clog | an Colgán | an Colm | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Chorr | an Chros | an Chuileog | an Cupán | an Cúpla | an Dealbhóir | an Deilf | Deireadh na Loinge | an Dragan | an Eala | Éan Parthais | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Féinics | an Fhoirnéis | Folt Bheirnicé | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIasc Eitilte | an tIndiach | an tIolar | an Laghairt | an Leon | an Leon Beag | an Lir | an Lincse | an Líontán | an Madra Beag | na Madraí Fiaigh | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Micreascóp | an Míol Mór | an tOchtamhán | an Phéacóg | Peigeasas | an Péintéir | Peirséas | an Phéist | an Phéist Bheag | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Riail | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Sciath | an Seiseamhán | na Seolta | an Sionnach | an Sioráf | an Siséal | an Tábla | an Tarbh | an Teileascóp | an Triantán | Triantán an Deiscirt | an Túcán | an tUisceadóir