An Madra Beag
Ainm Laidine (IAU) | Canis Minor |
---|---|
Nod | CMi |
Ginideach Laidine | Canis Minoris |
Siombalaíocht | an Madra Beag |
Dronairde | 8 h |
Diallas | +5° |
Achar | 182 céim cearnach Céim 71ú |
Líon na réaltaí (amharcmhéid < 3) | 2 |
Réalta is gile | Procyon (α CMi) (méid 0.38) |
Dreigecheathanna | |
Réaltbhuíonta ar theorainn leista | |
Infheicthe sna leithid idir +85° agus −75° Sárfheicthe i rith na míosa seo: Márta an infheictheacht is fearr |
Tá an Madra Beag ar cheann de na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha a nglacann an tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta leo; tá sé ar cheann chomh maith de na 48 réaltbhuíon a d'aithin Tolamaes sa 2ú aois. Is é Canis Minor an t-ainm Laidine a thugtar air, rud a chiallaíonn "an madra is lú". Deirtear gurbh é ceann den dá mhadra a bhí sna sála ag an sealgaire Oiríon (féach fosta réaltbhuíonta an Bhodaigh, an Mhadra Mhóir, agus na Madraí Fiaigh) a bhí i gceist.
Is réaltbhuíon bheag é an Madra Beag, gan faic le feiceáil inti den chuid is mó ach dhá réalta: Procyon (α CMi) agus Gomeisa (β CMi).
Príomhghnéithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]- α CMi: Procyon atá ar méid 0.38. Tá Procyon ar an t-ochtú réalt is gile ar spéir na hoíche. "Roimh an madra" a chiallaíonn an t-ainm Procyon as Gréigis, ó éiríonn sé roimh Réalt an Mhadra, Sirius, i réaltbhuíon an Mhadra Mhóir.
Réada suntasacha domhainspéire
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá réaltbhuíon an Mhadra Bhig chomh beag sin nach bhfuil aon réad domhainspéire istigh ann níos gile ná an deichiú méid.
Miotaseolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'aithnítí an Madra Beag mar an ceann is lú de dhá mhadra fiaigh Oiríon. Ach níor áirigh na Sean-Ghréagaigh mar réaltbhuíon difriúil ina cheart féin é, agus mar sin de ceapadh ar dtús nach raibh ach madra amháin ag Oiríon. Féach fosta réaltbhuíonta an Bhodaigh agus an Mhadra Mhóir.
Réaltaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Féach fosta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Yale Bright Star Catalog
- an Madra Beag ar shuíomh Robin Gatter Curtha i gcartlann 2006-05-08 ar an Wayback Machine
- Star Tales de chuid Ian Ridpath
- an Madra Beag agus miotaseolaíocht an Domhain Curtha i gcartlann 2006-06-14 ar an Wayback Machine
- an Madra Beag ar shuíomh Richard Dibon-Smith
- Peoria Astronomical Society: an Madra Beag Curtha i gcartlann 2006-06-15 ar an Wayback Machine
- The Deep Photographic Guide to the Constellations: an Madra Beag
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.1. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23673-0.
Na 48 réaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes |
an Abhainn | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Cupán | an Cúpla | an Deilf | an Dragan | an Eala | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIolar | an Leon | an Lir | an Long | an Madra Beag | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Míol Mór | Peigeasas | Peirséas | an Phéist | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Tarbh | an Triantán | an tUisceadóir |