Sirius
Sirius nó Sotis nó Réalt an Mhadaidh: an réalt is gile ar an spéir, agus í suite i réaltbhuíon an Mhadaidh Mhóir. Tá Sirius cóngarach go maith dúinn - ocht solasbhliain go leith - agus siúd is go bhfuil sí níos gile agus níos mó ná an Ghrian, ní fathachréalta í ar aon nós. Gnáthréalt de chuid an phríomhsheichimh atá inti, go bunúsach. Mar sin féin, tá rún nó dúthomhas ag baint le Sirius: tá cuid mhaith foinsí stairiúla ó réalteolaithe na seanBhabalóine go dtí na Meánaoiseanna ar aon fhocal gur réalt dhearg a bhí i Sirius lena lá féin. Ní réalt dhearg atá i Sirius mar is aithin dúinn inniu í, ach réalt bhán. Fuarthas amach ins an naoú haois déag go bhfuil leathbhádóir ag Sirius - an abhacréalt bhán ar a dtugtar Sirius B inniu. Ós abhacréalt bhán atá inti, is seanréalt í a bhí ina fathachréalta dhearg roimhe seo, agus nuair a bhí, is follasach go raibh sí in ann léaró bán Sirius (nó Sirius A) a bháthadh lena loinnir dhearg. Ní féidir linn an t-athrú tobann ó réalt dhearg go réalt bhán a mhíniú mar sin féin, nó ní bhíonn na fathachréaltaí dearga ag caochló go habhacréaltaí bána taobh istigh de mhíle bliain - bíonn na hathruithe ins an spéir ag teacht i gcrann i bhfad níos moille ná sin.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Yale Bright Star Catalog
- an Madra Mór ar shuíomh Robin Gatter Curtha i gcartlann 2006-05-08 ar an Wayback Machine
- Star Tales de chuid Ian Ridpath
- an Madra Mór agus miotaseolaíocht an Domhain Curtha i gcartlann 2006-07-19 ar an Wayback Machine
- an Madra Mór ar shuíomh Richard Dibon-Smith
- Peoria Astronomical Society: an Madra Mór Curtha i gcartlann 2006-06-15 ar an Wayback Machine
- The Deep Photographic Guide to the Constellations: an Madra Mór
- ↑ "General Catalogue of Stellar Spectral Classifications" (2013): 2023.
- ↑ "Catalogue of Stellar Photometry in Johnson's 11-color system" (as Béarla) (2002).
- ↑ Tabetha S. Boyajian (13 Meitheamh 2013). "Stellar diameters and temperatures. III. Main-sequence A, F, G, and K stars: additional high-precision measurements and empirical relations" (as Béarla) (1): 40. doi:.
- ↑ 4.0 4.1 4.2 4.3 4.4 Floor van Leeuwen (2007). "Validation of the new Hipparcos reduction" (as Béarla) (2): 653–664. doi:.
- ↑ "Accurate stellar rotational velocities using the Fourier transform of the cross correlation maximum" (as Béarla) (Iúil 2011). doi:.
- ↑ "Pulkovo Compilation of Radial Velocities for 35 495 Hipparcos stars in a common system" (as Béarla) (Samhain 2006) (11): 759–771. doi:.
- ↑ Owen Gingerich (1968). ""On the composition of Sirius" revisited": 160–162.
- ↑ "The Abundance Patterns of Sirius and Vega" (as Béarla) (20 Feabhra 2001) (2): 953–965. doi:.