An tOchtamhán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An tOchtamhán
an tOchtamhán
an tOchtamhán
Ainm Laidine (IAU)Octans
NodOct
Ginideach LaidineOctantis
SiombalaíochtOchtamhán
Dronairde22 h
Diallas−90°
Achar291 céim cearnach
Céim 50ú
Líon na réaltaí
(amharcmhéid < 3)
0
Réalta is gileν Oct
(méid 3.73)
Réaltbhuíonta
ar theorainn leista
Infheicthe sna leithid idir +0° agus −90°
Sárfheicthe i rith na míosa seo: Deireadh Fómhair an infheictheacht is fearr
Timpholach

Réaltbhuíon neamhfheiceálach is ea an tOchtamhán a chruthaigh an tAb Nicolas Louis de Lacaille sna blianta 1751-52. Cé gur an-doiléir do na réaltaí atá le feiceáil ar an Ochtamhán, siúlann cáil is clú leis an réaltbhuíon seo mar go bhfuil an Pol Neamhaí Theas suite ina lár. Is í Sigma Octantis an réalta is gaire don phol atá infheicthe ag an tsúil; ach tá an réalta seo chomh doiléir sin nach fiú í mar réalta pholach ó thaobh loingseoireachta de. Go hámharach, is féidir úsáid a bhaint as an gCros chun an pol a aimsiú.

Tugtar Octans mar ainm Laidine ar an réaltbhuíon seo, rud a chiallaíonn "ochtamhán".


Príomhghnéithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • σ Oct: an Réalta Theas, sin le rá, an réalta is gaire don Phol Neamhaí Theas dá bhfuil infheicthe ag an tsúil fhornocht.


Réada suntasacha domhainspéire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é an réalteolaí Francach an tAb Nicolas Louis de Lacaille a chruthaigh réaltbhuíon an Ochtamháin. Chaith Lacaille na blianta 1751 agus 1752 san Afraic Theas agus é ag clárú réaltaí an leathsféir theas. Bhí beagnach 10,000 réalta agus 42 réada domhainspéire ar an léarscáil neamhaí a rinne sé ag an am sin. Tháinig amach an chéad eagrán sa bhliain 1756 ach ní raibh ann ach plánaisféar agus é sa teanga Fraincise. Níor foilsíodh an chatalóg iomlán agus eagrán deifnídeach an phlánaisféir go dtí an bhliain 1763, bliain amháin tar éis bhás Lacaille. Coelum Australe Stelliferum an t-ainm a thug Lacaille ar an leabhar seo. San eagrán seo, d'aistrigh sé na hainmneacha ón bhFraincis go dtí an Laidin, agus chuir sé trí réaltbhuíon na Cíle, na Seolta agus Dheireadh na Loinge in áit Argo Navis (nó Le Navire, mar a thug sé air sa chéad eagrán).

Le linn dó a bheith ag cur i gclár na réaltaí theas, chum Lacaille ceithre réaltbhuíon déag chun áiteanna éigin i ndeisceart na spéartha a líonadh nach raibh a lán réaltaí iontu – agus an tOchtamhán ina measc (féach an bosca thíos). Sa lá atá inniu ann glacann an an tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta (ARI) le gach ceann de na réaltbhuíonta sin; agus glactar freisin leis na trí réaltbhuíon a rinne Lacaille as an Long.

L’Octans de Reflexion an t-ainm Fraincise a thug Lacaille ar an réaltbhuíon seo ar dtús. An t-ochtamhán frithchaiteach a bhí i gceist – sin le rá, an uirlis loingseoireachta a chum an matamaiticeoir Sasanach John Hadley sa bhliain 1730. Octans an t-ainm Laidine a tugadh uirthi ar an bplánaisféar a tháinig amach sa bhliain 1763, agus is é sin an t-ainm a thugtar uirthi sa lá atá inniu ann.

Nuair a chruthaigh Lacaille an réaltbhuíon seo, ghabh sé trí réalta ó réaltbhuíon na Péiste Bige de chuid Keyser agus de HoutmanNu Octantis agus Beta Octantis ina measc.

Miotaseolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ós rud é nár cruthaíodh réaltbhuíon an Ochtamháin go dtí an 18ú haois, níl aon bhaint aici le miotaseolaíocht an tSeansaoil. Lena chois sin, ní bhaineann aon mhiotaseolaíocht leis an réaltbhuíon seo ós rud é gur scoir Lacaille den thraidisiún sin ar dá réir a d'ainmnítí na réaltbhuíonta as carachtair mhiotaseolaíocha; ina áit sin roghnaigh sé go formhór ainmneacha uirlisí a úsáidtear sna heolaíochtaí.

Réaltaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach fosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.2. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23673-0.


Réaltbhuíonta a chruthaigh an tAb Nicolas Louis de Lacaille sna blianta 1751 agus 1752

an tAerchaidéal | an Clog | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | an Dealbhóir | an Fhoirnéis | an Liontán | an Micreascóp | an tOchtamhán | an Péintéir | an Riail | an Siséal | an Tábla | an Teileascóp


Na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha
an Abhainn | an tAerchaidéal | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAonbheannach | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | an Caimileon | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | an Chíle | an Clog | an Colgán | an Colm | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Chorr | an Chros | an Chuileog | an Cupán | an Cúpla | an Dealbhóir | an Deilf | Deireadh na Loinge | an Dragan | an Eala | Éan Parthais | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Féinics | an Fhoirnéis | Folt Bheirnicé | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIasc Eitilte | an tIndiach | an tIolar | an Laghairt | an Leon | an Leon Beag | an Lir | an Lincse | an Líontán | an Madra Beag | na Madraí Fiaigh | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Micreascóp | an Míol Mór | an tOchtamhán | an Phéacóg | Peigeasas | an Péintéir | Peirséas | an Phéist | an Phéist Bheag | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Riail | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Sciath | an Seiseamhán | na Seolta | an Sionnach | an Sioráf | an Siséal | an Tábla | an Tarbh | an Teileascóp | an Triantán | Triantán an Deiscirt | an Túcán | an tUisceadóir