An Bodach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachAn Bodach
Íomhá
CineálRéaltbhuíon Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósOrion (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teorainneacha leAn Cúpla
An Tarbh
An Abhainn
An Giorria
An tAonbheannach Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid
Tréithe
Achar594 °² Cuir in eagar ar Wikidata

Is réaltbhuíon an-soiléir é an Bodach, dá ngairtear freisin Oiríon agus an Sealgaire Mór; seans ann gurb í seo an réaltbhuíón is cáiliúla ar an spéir. De bharr na réaltaí lonracha dá cuid, atá ar dhá thaobh an mheanchiorcail neamhaí agus infheicthe ar fud an Domhain, aithnítear an réaltbhuíon seo go huilíoch.

Tá an Bodach ina sheasamh ar bhruach na hAbhann, agus a dhá ghadhar fiaigh (.i. an Madra Mór agus an Madra Beag) in éineacht leis, agus é ag troid leis an Tarbh. In aice láithreach, faightear fiach dá chuid, ar nós an Giorria.

Tá réaltbhuíon an Bhodaigh lán de réaltaí geala agus réada domhainspéire.


Príomhghnéithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • β Ori: Rigel, ar ghlúin chlé an Bhodaigh; is réalta bhán mhór í seo, atá ar cheann de na réaltaí is gile ar an spéir. Tá trí chomhbhall in éineacht léi, ach is deacair iad a aimsiú.
  • γ Ori: Bellatrix ("Banghaiscíoch") nó Réalt na hAmasóine mar a deirtear léi. Tá an réalta seo suite ar ghualainn chlé an Bhodaigh.
  • κ Ori: Saiph; tá an réalta seo ar ghlúin dheas an Bhodaigh.
  • Gaolmhaireacht Oiríon: Cés moite de Betelgeuse, tá na réaltaí is gile ar an mBodach an-chosúil le chéile de réir aoise agus tréithe fisiceacha, rud a thugann orainn a chreidiúint go bhfuil bunús coiteann ag baint leo.

Réada suntasacha domhainspéire[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • M42: ar crochadh ó Chrios Oiríon atá a chlaíomh; séard atá ann ná an ilréalta θ1 Ori, dá ngairtear an Traipéisiam, agus Réaltnéal Oiríon - nó Buaile an Bhodaigh, mar a deirtear leis - in aice láithreach (M42). Is féidir an réad suaithinseach seo a aimsiú ag an tsúil fhornocht agus a fheiceáil go cruinn go bhfuil níos mó ann ná cúpla réalta; trí dhéshúiligh, is féidir a bhreathnú a chuid néalta guairneánacha atá lán de réaltaí nuaghinte, ghás solasmhar agus dheannach.

Le cois na réaltnéalta seo, tá an iomad réad suimiúil domhainspéire le feiceáil ar an mBodach trí theileascóp beag, ina measc Lúb Barnard, M43, agus an Réaltnéal Lasrach (NGC 2024).


Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar mbeith ina chruth suntasach dó agus é lán de réaltaí lonracha, is iomaí seansibhialtacht a d'aithin an Bodach, cé go bhfaca siad pictiúirí éagsúla ann de réir a gcreideamh is a miotaseolaíochta féin.

Dar leis na Sean-Suiméaraigh, caora a bhí sa réaltbhuíon seo; agus sa tSean-Sín, tá Oiríon ar cheann de na 28 Xiu (宿) an stoidiaca. Dá ngairtear Shen (參), a chiallaíonn go litriúil "a trí", is dócha gur ainmníodh as na trí réalta ar Chrios Oiríon é. Féach Réaltbhuíonta Síneacha.

Dar leis na Sean-Éigiptigh, ba chíos iad réaltaí an Bhodaigh d'Óisíris, dia an tsolais.

Déantar an-tagairt do "chrios agus chlaíomh" Oiríon sa tseanlitríocht chomh maith leis sa nualitríocht. Baineadh úsáid astu fiú amháin mar shuaitheantais chéime ar éide an 27ú Rannán Coise in Arm na Stát Aontaithe le linn an dá Chogadh Dhomhanda; is amhlaidh gurbh é Maorghinearál John f O'Ryan an chéad cheannasaí a bhí thar an rannán sin.

Miotaseolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Greanadóireacht an Bhodaigh ón Uranometria de chuid Johann Bayer, le cúirtéis Leabharlann Réadlann Mairnéalachta na Stát Aontaithe

Ní haon iontas é go bhfuil breis agus scéal amháin ag baint le réaltbhuíon an Bhodaigh i miotaseolaíocht na Gréige, ós rud é go bhfuil an oiread sin clú agus cáile air mar réaltbhuíon shuntasach shoiléir.

De réir leagain amháin, rinne Oiríon maíomh go raibh sé féin ar an sealgaire is mó sa domhan. Chuala Héire, bean Shéas, an mhaíomh seo, agus chinn sí ar scairp a chur ar a lorg. Chealg an scairp chun báis é, ach bhí trua ag Séas dó agus d'aistrigh sé ar neamh é. Aistríodh an scairp ar neamh freisin, agus is í réaltbhuíon na Scairpe anois í. Is suimiúil a thabhairt faoi deara go bhfuil an dá réaltbhuíon os comhair a chéile ar an spéir: nuair a bhíonn an ceann amháin ag éirí, bíonn an ceann eile ag dul faoi. Mar sin de, ní féidir leis an scairp Oiríon a chealgadh choíche arís.

Seans ann go raibh an t-ainm "Oiríon" ar an réaltbhuíon seo i bhfad roimh na Sean-Gréagaigh. Deirtear go mb'fhéidir gur ainmníodh an Bodach as an focal Acáidise Uru-anna, a chiallaíonn "Solas na bhFlaitheas". De réir Mhiotaseolaíocht na Measpatáime, ionannaíodh an réaltbhuíon seo leis an leathdhia Gilgamesh, agus é ag troid le "Tarbh na bhFlaitheas" (.i. an Tarbh). Le himeacht aimsire, tógadh an t-ainm isteach sa Ghréigis. Sa chaoi seo, is dócha go dtagann miotas Oiríon ó shuíomh coibhneasta na réaltbhuíonta atá ar an spéir in aice láithreach.

Uaireanta sa Sean-Ré, léiríodh Oiríon mar dhúil mhiotaseolaíoch a raibh trí chorp aige, agus trí lámh [1] Curtha i gcartlann 2005-09-23 ar an Wayback Machine, dhá chos eisréimneacha agus tríú cos bheag idir an dá cheann acu; bhí na trí chorp ceangailte le chéile ag an mbásta. Cibé scéal é, is dócha go bhfuil baint éigin ag an mBodach - i dteannta cheantar folamh na spéire in aice láithreach (.i. an dá réaltbhuíon nua an-doiléire dá ngairtear an Sioráf is an Lincse) agus i dteannta freisin gnéithe eile ar chomhartha stoidiacach an Chúpla (.i. an Cúpla, an tAra agus an Madra Mór) – le bunús mhiotas bhólacht Geryon, ceann de Dhá Shaothar Déag Earcail.

Sa litríocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Déantar tagairt don réaltbhuíon seo sna hÓideanna le Horáis, san Odaisé agus san Íliad a chuirtear i leith Hóiméir, agus san Aeniad le Veirgil.

Luaitear é freisin sa dán Paradise Lost le John Milton, agus i Locksley Hall le Tennyson.

Réaltaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Réaltaí a bhfuil ainmneacha dílse orthu:
  • 58/α Ori 0.45: BetelgeuseBetelgeuzeBetelgeuxMankibAl Mankib
    < míléamh de يد الجوزاء (Araibis: yad al-jauzā´) = Lámh de Chuid an Té Mheánaigh [Le haghaidh stair an bhotúin, féach Betelgeuse.]
    < منكب (Araibis: mankib) = Gualainn
  • 19/β Ori 0.18: RigelAlgebarElgebar
    < رِجل الجبار (Araibis: rijl[u] al-jabbār) = Cos de Chuid an Té Mhórchumhachtaigh
  • 34/δ Ori – dúbailte 2.25 & 6.85: MintakaMentakaMintika
    < منطقة (Araibis: minţaqa[h]) = an Crios (ceann thiar)
  • 46/ε Ori 1.69: AlnilamAlnihanAlnitam
    < النظام (Araibis: an-niz̧ām) = an tEagar [Péarlaí]
  • 50/ζ Ori – dúbailte 1.74, 4.21: AlnitakAlnitah
    < النطاق (Araibis: an-niţāq) = an Crios (ceann thoir)
  • 28/η Ori 3.35: Saif al JabbarAlgieba
    < سيف الجبار (Araibis: saif al-jabbār) = Claidheamh an Duine Mhórchumhachtaigh
  • 44/ι Ori 2.75: HatsyaNa'ir al Saif
    < ?
    < نير السيف (Araibis: nair[u] as-saif) = Rinn an Chlaímh
  • 53/κ Ori 2.07: Saiph
    < #1587;يف (Araibis: saif) = Claidheamh
  • 39/λ Ori – dúbailte 3.39, 5.61: MeissaHeka
    < ? (Araibis: al-maisan) = an Té Lonrach
    < ? (Araibis: al-haq'ah) = an Spota Geal
  • 1/π³ Ori 3.19: TabitHassaleh
    < الثابت (Araibis: aθ-θābit) = an Té Buanseasmhach
    < ?
  • 36/υ Ori 4.62: ThabitTabit
    < الثابت (Araibis: aθ-θābit) = an Té Buanseasmhach


Réaltaí a bhfuil ainmneacha Bayer orthu:
α/58 Ori 0.45; β/19 Ori 0.18; γ/24 Ori 1.64; δ/34 Ori 2.25, 6.85; ε/46 Ori 1.69; ζ/50 Ori 1.74, 4.21; η/28 Ori 3.35; θ¹/41 Ori 4.98, 5.13, 6.71, 7.96; θ²/43 Ori 5.08, 6.02; ι/44 Ori 2.75; κ/53 Ori 2.07; λ/39 Ori 3.39, 5.61; μ/61 Ori 4.12; ν/67 Ori 4.42; ξ/70 Ori 4.45; ο¹/4 Ori 4.71; ο²/9 Ori 4.06; π¹/7 Ori 4.64; π²/2 Ori 4.35; π³/1 Ori 3.19; π4/3 Ori 3.68; π5/8 Ori 3.71; π6/10 Ori 4.47; ρ/17 Ori 4.46; σ/48 Ori 3.77, 6.65; τ/20 Ori 3.59; υ/36 Ori 4.62; φ¹/37 Ori 4.39; φ²/40 Ori 4.09; χ¹/54 Ori 4.39; χ²/62 Ori 4.64; ψ¹/25 Ori 4.87; ψ²/30 Ori 4.59; ω/47 Ori 4.50; b/51 Ori 4.90; c/42 Ori 4.58; d/49 Ori 4.77; e/29 Ori 4.13; f¹/69 Ori 4.95; f²/72 Ori 5.34; g/6 Ori 5.18; h/16 Ori 5.43; i/14 Ori 5.33; k/74 Ori 5.04; l/75 Ori 5.39; m/23 Ori 4.99, 7.12; n¹/33 Ori 5.46; n²/38 Ori 5.32; o/22 Ori 4.72; p/27 Ori 5.07; A/32 Ori 4.20
Réaltaí a bhfuil uimhreacha Flamsteed orthu:
1/π³ Ori 3.19; 2/π² Ori 4.35; 3/π4 Ori 3.19; 4/ο¹ Ori 4.71; 5 Ori 5.33; 6/g Ori 5.18; 7/π¹ Ori 4.64; 8/π5 Ori 3.71; 9/ο² Ori 4.06; 10/π6 Ori 4.47; 11 Ori 4.65; 12 Ori 6.90; 13 Ori 6.15; 14/i Ori 5.33; 15 Ori 4.81; 16/h Ori 5.43; 17/ρ Ori 4.46; 18 Ori 6.49; 19/β Ori 0.18; 20/τ Ori 3.59; 21 Ori 5.34; 22/o Ori 4.72; 23/m Ori 4.99, 7.12; 24/γ Ori 1.64; 25/ψ¹ Ori 4.87; 26 Ori 5.40; 27/p Ori 5.07; 28/η Ori 3.35; 29/e Ori 4.13; 30/ψ² Ori 4.59; 31 Ori 4.71; 32/A Ori 4.20; 33/n¹ Ori 5.46; 34/δ Ori 2.25, 6.85; 35 Ori 5.60; 36/υ Ori 4.62; 37/φ¹ Ori 4.39; 38/n² Ori 5.32; 39/λ Ori 3.39, 5.61; 40/φ² Ori 4.09; 41/θ¹ Ori 4.98, 5.13, 6.71, 7.96; 42/c Ori 4.58; 43/θ² Ori 5.08, 6.02; 44/ι Ori 2.75; 45 Ori 5.24; 46/ε Ori 1.69; 47/ω Ori 4.50; 48/σ Ori 3.77, 6.65; 49/d Ori 4.77; 50/ζ Ori 1.74, 4.21; 51/b Ori 4.90; 52 Ori 5.26; 53/κ Ori 2.07; 54/χ¹ Ori 4.39; 55 Ori 5.36; 56 Ori 4.76; 57 Ori 5.92; 58/α Ori 0.45; 59 Ori 5.89; 60 Ori 5.21; 61/μ Ori 4.12; 62/χ² Ori 4.64; 63 Ori 5.67; 64 Ori 5.14; 66 Ori 5.63; 67/ν Ori 4.42; 68 Ori 5.76; 69/f¹ Ori 4.95; 70/ξ Ori 4.45; 71 Ori 5.20; 72/f² Ori 5.34; 73 Ori 5.44; 74/k Ori 5.04; 75/l Ori 5.39; 77 Ori 5.19; 78 Ori 5.55
Réaltaí suntasacha eile:


Féach fosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.2. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23673-0.


Na 48 réaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes

an Abhainn | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Cupán | an Cúpla | an Deilf | an Dragan | an Eala | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIolar | an Leon | an Lir | an Long | an Madra Beag | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Míol Mór | Peigeasas | Peirséas | an Phéist | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Tarbh | an Triantán | an tUisceadóir


Na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha
an Abhainn | an tAerchaidéal | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAonbheannach | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | an Caimileon | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | an Chíle | an Clog | an Colgán | an Colm | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Chorr | an Chros | an Chuileog | an Cupán | an Cúpla | an Dealbhóir | an Deilf | Deireadh na Loinge | an Dragan | an Eala | Éan Parthais | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Féinics | an Fhoirnéis | Folt Bheirnicé | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIasc Eitilte | an tIndiach | an tIolar | an Laghairt | an Leon | an Leon Beag | an Lir | an Lincse | an Líontán | an Madra Beag | na Madraí Fiaigh | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Micreascóp | an Míol Mór | an tOchtamhán | an Phéacóg | Peigeasas | an Péintéir | Peirséas | an Phéist | an Phéist Bheag | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Riail | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Sciath | an Seiseamhán | na Seolta | an Sionnach | an Sioráf | an Siséal | an Tábla | an Tarbh | an Teileascóp | an Triantán | Triantán an Deiscirt | an Túcán | an tUisceadóir