An tSuiméir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Dealbh de reithe ag ithe duilleog. Fuarthas dhá dhealbh, a théann siar go dtí thart ar 2500 RCh, sna tuamaí ríoga d'Úr agus tá ceann amháin díobh le feiscint i Músaem na Breataine.

Ba í an tSuiméir an chéad sibhialtacht uirbeach sa réigiún stairiúil ar a dtugtar deisceart na Measpatáime, sin é deisceart Iaráic an lae inniu. Ba le linn na hUmhaoise agus na Cré-umhaoise a bhí an tSuiméir faoi bhláth agus, dá bharr, d'fhéadfaí a rá gurbh í an tSuiméir an chéad sibhialtacht riamh ar domhan.[1]

Téann luathscríbhneoireacht sa réigiún siar go dtí thart ar 3500 RCh. Is ó na cathracha Úrúc agus Jemdet Nasr a thagann na téacsanna is ársa atá fágtha againn agus téid siad siar go dtí 3300 RCh. Tháinig scríbhneoireacht i script dhingchruthach chun cinn thart ar 3000 RCh.[2]

Tá sé molta ag staraithe an lae inniu gurb idir 5500 agus 4000 RCh a tosaíodh an tSuiméir a lonnú. Is cosúil gurbh iad daoine de chuid na hÁise Thiar, daoine a labhraíodh an tSuiméiris - teanga aonraíoch ghleanta-, an chéad dream a chuir fúthu go buan sa réigiún. Is ar ainmneacha cathracha, aibhneacha agus ceirdeanna bunúsacha atá an moladh seo bunaithe.[3][4][5][6]

Sa lá atá inniu ann, tugtar "luath-Eofraitigh" nó "Úbaidigh"[7] ar na daoine a lonnaigh an réigiún agus ceaptar gurb as an gcultúr Shamarra de thuaisceart na Measpatáime, sin é an Aisiria stairiúil, a thángadar chun cinn.[8][9][10][11] Cé nach bhfuil trácht ar na Úbaidigh le fáil sna téacsanna Suiméaracha atá againn anois, creideann scoláirí comhaimseartha gurb iad na hÚbaidigh a chuir tús le próiseas sibhialtachta sa tSuiméir (.i. draenáil na riasc le haghaidh talmhaíochta, forbairt na trádála agus bunú tionscal éagsúil – an leatharóireacht, an mhiotalóireacht, an photaireacht, an tsaoirseacht agus an sníomhachán ina measc).[7]

Níl gach aon duine dóibh siúd a bhíonn ag plé le stair an réigiúin ar aon fhocal, áfach. Cuireann scoláirí áirithe in aghaidh na teoirice gurbh ann do theanga luath-Eoifraiteach nó do theanga fhoshraith amháin. Tá sé molta ag an ndream seo agus ag roinnt daoine eile gurbh í an tSuiméiris teanga na n-iascairí agus na bhfiagaithe cnuasaitheoirí a raibh ina gcónaí sna riasca agus sa réigiún cladach d'Araib Thiar.[12] Is as tréimhse níos déanaí a thagann na taifid stairiúla atá againn faoi láthair – ní thagann aon cheann de na taifid de stair na Suiméire gur féidir muinín a bheith againn astu as an tréimhse roimh an Rí Enmebáragesí (.i. an 26ú céad RCh). Creideann an tOllamh Juris Zarins go raibh Suiméaraigh ina gcónaí ar chósta na hAraibe Thiar, réigiún Mhurascaill na Peirse sa lá atá inniu ann, sular bádh é ag deireadh na hOighearaoise.[13]

Is le linn tréimhse Úrúc (.i. an 4ú mílaois RCh) a tháinig sibhialtacht na Suiméire chun cinn agus leann sí ar aghaidh go dtí an tréimhse Jhemdat Nasr agus an tréimhse ríoraíoch luath. I gcaitheamh na 3ú mílaoise RCh, d'fhás siombóis chultúrtha dhomhain idir na Suiméaraigh, a raibh teanga aonraíoch acu, agus daoine a labhraíodh Acáidis. Do bhí an dátheangachas go forleathan i measc an dá mhuintir de bharr na siombóise cultúrtha seo.[14] Níl aon fhianaise againn ar luath-stair chultúr na Suiméire, dá mba ann di.

Tá an tionchar a bhí ag an Suiméiris ar an Acáidis, agus tionchar na hAcáidise ar an Suiméiris, le féiscint go soiléir i ngach réimse, ó iasacht léacsach a bhíodh ag tarlú go hollmhór go teacht le chéile ó thaobh na comhréire, na deilbhíochta agus na fóineolaíochta de.[14] Tugann sé sin ar scoláirí Sprachbund a thabhairt ar an Suiméiris agus ar an Acáidis le linn na 3ú mílaoise RCh.[14] Do chloígh rithe na hImpireachta Acádaigh an tSuiméir thart at 2270 RCh agus is teangacha Séimíteacha a bhí á labhairt acu siúd. Leantaí ar aghaidh le húsáid na Suiméirise mar theanga dhiaga áfach.

Cé gur leis na Suiméaraigh dhúchasacha a bhí an chumhacht arís ar feadh céid, sin é thart ar an dtréimhse idir 2100-2000 RCh - tréimhse ar a dtugtar Nua-Impireacht na SuiméireTríú Ríocht an Úr (Athbheochan na Suiméire) -, baintí úsáid as an Acáidis fós.

Deir roinnt daoine gurb í Eireadú, cathair de chuid na Suiméire a bhí suite ar chósta Mhurascaill na Peirse, an chéad chathair ar domhan. D’fhéadfaí go dtáinig trí cinn de chultúir le chéile sa chathair seo – feirmeoirí Úbaideacha a mbíodh cónaí orthu i mbotháin bhrící láibe agus a bhíodh ag cleachtadh uiscithe, tréadaithe fáin a mbíodh cónaí orthu i bpubaill dhubha agus a bhíodh ag leanúint tréada bó agus caorach, agus na hiascairí a mbíodh cónaí orthu i mbotháin giolcaí sna riasca agus gur féidir gurbh iad sinsir na Suiméarach.[15]


Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. King, Leonid W. (2015) "A History of Sumer and Akkad" (ISBN 1522847308) [i mBéarla]
  2. 'Cuneiform', ancient.eu [i mBéarla]
  3. "Ancient Mesopotamia. Teaching materials". Oriental Institute in collaboration with Chicago Web Docent and eCUIP, The Digital Library [i mBéarla]
  4. "The Ubaid Period (5500–4000 B.C.)" In Heilbrunn Timeline of Art History. Department of Ancient Near Eastern Art. The Metropolitan Museum of Art, New York (October 2003) [i mBéarla]
  5. "Ubaid Culture", The British Museum [i mBéarla]
  6. "Beyond the Ubaid", (Carter, Rober A. and Graham, Philip, eds.), University of Durham, April 2006 [i mBéarla]
  7. 7.0 7.1 "Sumer (ancient region, Iraq)". Britannica Online Encyclopedia. Britannica.com. [i mBéarla]
  8. Kleniewski, Nancy; Thomas, Alexander R (2010-03-26). "Cities, Change, and Conflict: A Political Economy of Urban Life". ISBN 978-0-495-81222-7. [i mBéarla]
  9. Maisels, Charles Keith (1993). "The Near East: Archaeology in the "Cradle of Civilization"". ISBN 978-0-415-04742-5. [i mBéarla]
  10. Maisels, Charles Keith (2001). "Early Civilizations of the Old World: The Formative Histories of Egypt, the Levant, Mesopotamia, India and China". ISBN 978-0-415-10976-5 [i mBéarla]
  11. Shaw, Ian; Jameson, Robert (2002). "A dictionary of archaeology". ISBN 978-0-631-23583-5. [i mBéarla]
  12. Margarethe Uepermann (2007), "Structuring the Late Stone Age of Southeastern Arabia" (Arabian Archaeology and Epigraphy Arabian Archaeology and Epigraphy Volume 3, Issue 2, pages 65–109) [i mBéarla]
  13. Hamblin, Dora Jane (May 1987). "Has the Garden of Eden been located at last?" (PDF). Smithsonian Magazine. 18 (2). [i mBéarla]
  14. 14.0 14.1 14.2 Deutscher, Guy (2007). Syntactic Change in Akkadian: The Evolution of Sentential Complementation. Oxford University Press US. pp. 20–21. ISBN 978-0-19-953222-3. [i mBéarla]
  15. Leick, Gwendolyn (2003), "Mesopotamia, the Invention of the City" (Penguin) [i mBéarla]