Fiagaithe/cnuasaitheoirí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Pobal a mhaireann go hiomlán, nó beagnach go hiomlán, trí shealgaireacht ainmhithe is cnuasadh bia. Tugtar fáiteallaithe agus sochaithe buíne orthu freisin de bhrí go mbíonn siad eagraithe ina mbuíonta. De réir cineáil, déanann na fir sealgaireacht is na mná fáiteall. I 10,000 RC bhí pobal uile an Domhain ina bhfiagaithe/cnuasaitheoirí. Inniu, maireann níos lú ná 0.001% den daonra mar seo, agus ina measc tá na Pigmithe, na Cóiseana is na Hadsa san Afraic, na Bundúchasaigh san Astráil, agus grúpaí fánacha sa Mhalaeisia, an India is na hOileáin Fhilipíneacha. Déanann grúpaí tréadacha is talmhaíochta áirithe sealgaireacht is fáiteall go páirtaimseartha.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Fiagaithe/cnuasaitheoirí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 266.