Teangacha Seimíteacha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaTeangacha Seimíteacha
Dáta3 mílaois "RCh"
Cineálfine teangacha
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Afra-Áiseacha
Cóid
ISO 639-2sem
ISO 639-5sem
Glottologsemi1276
ASCL42
Linguist Listafsm
IETFsem

Is brainse i bhfine na dteangacha Afráiseacha iad na teangacha Seimíteacha. Tá siad ag thart ar 330 milliún duine atá ina gcónaí sa Mheán-Oirthear nó ina thimpeall den chuid is mó. is iad an Araibis, an Amairis, an Tigrinis (teanga náisiúnta na hEiritré) agus an Eabhrais na teangacha is líonmhaire cainteoirí sa ghrúpa seo inniu. Teangacha stairiúla Seimíteacha iad an Éablais, an Acáidis, an Fhéinícis agus an Aramais, mar shampla.

Litir as Acáidis - 14ú haois Roimh Chríost

Níl na saineolaithe go léir ar aon fhocal faoin dóigh cheart leis na teangacha Seimíteacha a dheighilt ina bhfobhrainsí. Níl anseo ach tuiscint amháin:

  • Na teangacha Seimíteacha Oirthearacha: an Acáidis, an Éablais. Seanteangacha iad seo a chuaigh in éag mar theangacha labhartha le fada an lá.
  • Na teangacha Seimíteacha Iartharacha. Roinntear iad seo ina bhfoghrúpaí fós. Ceann acu seo iad na teangacha Seimíteacha Lárnacha, ina bhfuil an Eabhrais, cosúil leis na teangacha Canánacha eile (a chuaigh in éag fadó) agus an Fhéinícis, a bhfuil gaol dlúth aici leis an Eabhrais. Aicmítear an Araibis agus an Amairis mar theangacha Seimíteacha Iartharacha freisin, ach ní aontaíonn na saineolaithe le chéile faoi struchtúr inmheánach an fhoghrúpa seo ná faoin mbaint chruinn atá ag an Eabhrais, an Araibis agus an Aramais le chéile. Ní mór cuimhne a choinneáil air go bhfuil an trí theanga seo tar éis an-tionchar a imirt ar a chéile i rith na staire.
  • Na teangacha Seimíteacha Deisceartacha. Sa ghrúpa seo atá seanteangacha Dheisceart na hAraibe nach mbíonn ach scríbhinní greanta fágtha díobh, chomh maith le canúintí beaga áirithe a labhraítear sa réigiún inniu. Áirítear an Amairis, an Tigrinis agus a lán teangacha eile san Aetóip nó ina timpeall sa ghrúpa seo freisin.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]