An Amáiris

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Amairis)
Infotaula de llenguaAn Amáiris
አማርኛ
Cineálteanga nádúrtha agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais21,900,000 (2019)
Dúchasach doAdas Ababa agus Amhara Region (en) Aistrigh
Stáitan Aetóip, an Eiritré, an tSomáil, an tSúdáin agus Iosrael
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Afra-Áiseacha
teangacha Seimíteacha
South Semitic (en) Aistrigh
Ethiopian Semitic (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaGeʽez script (en) Aistrigh
Cóid
ISO 639-1am
ISO 639-2amh
ISO 639-3amh
Glottologamha1245
Linguasphere12-ACB-a
Ethnologueamh
ASCL9214
IETFam

Is í an Amáiris (አማርኛ āmariññā) an teanga is tábhachtaí san Aetóip agus an t-aon teanga amháin a bhfuil stádas oifigiúil aici ar fud na tíre. Is í an dara teanga Sheimíteach is mó cainteoirí. Is é an córas a úsáidtear le hAmáiris a bhreacadh ar pár ná cineál aibítir shiollach ar a dtugtar abugida. San aibítir seo, seasann gach litir d'aon siolla amháin, ionas go bhfuil comhartha an chonsain agus comhartha an ghuta cumaiscthe le chéile sa litir; san am céanna, is féidir a aithint i gcónaí, cén chuid den litir a sheasann don ghuta nó don chonsan.

Mar theanga Sheimíteach, tá an Amáiris gaolmhar leis an Araibis, leis an Aramais, agus leis an Eabhrais. Is iad na gaolta is dlúithe atá aici i Leithinis na hAraibe, áfach, na teangacha a bhí á labhairt ag muintir Dheisceart na hAraibe sula ndeachaigh an Araibis (nach raibh inti ach teanga an Tuaiscirt ar dtús) ina n-áit le teacht Ioslam.

An t-amhrán náisiúnta ó 1922

Murab ionann agus an Araibis is an Eabhrais (nó an Ghaeilge), cuireann an Amáiris an aidiacht roimh an ainmfhocal (cosúil leis an mBéarla). Tionchar ó theangacha neamh-Sheimíteacha an réigiúin is cúis leis an athrú seo, is dócha. Ceann eile de shaintréithre na dteangacha Seimíteacha nach bhfuil chomh coitianta san Amáiris is ea na "hiolraí briste", a úsáidtear go minic san Araibis - is é sin, cuirtear uimhir iolra an ainmfhocail in iúl tríd na gutaí taobh istigh den fhocal a athrú. Ní féidir a rá go mbeadh na hiolraí briste seo imithe go hiomlán as an Amáiris, ach tá sé i bhfad bhfad níos tipiciúla iarmhír iolra a chur leis an ainmfhocal. Na hiolraí briste a úsáidtear i gcónaí, is iasachtaí iad go minic as an teanga Ge'ez. Is éard atá i gceist leis an teanga Ge'ez ná seanteanga chlasaiceach na hAetóipe a mbaintear úsáid éigin aisti i gcónaí san eaglais. Tá sí gaolmhar leis an Amáiris, ach is dócha go bhfuil an gaol leis an Tigrinis níos dlúithe.

Allafóin

Siúd is nach mbíonn na hiolraí briste coitianta san Amáiris a thuilleadh, tá córas na dtamhan tríchonsanach is dual do na teangacha Seimíteacha ann, agus baintear úsáid as le focail nua a fhréamhú is a chumadh san Amáiris.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]