Jump to content

Aibítir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Córais ScríbhneoireachtaAibítir
Cineáltype of writing system (en) Aistrigh
Stairhistory of the alphabet (en) Aistrigh
Léarscáil dáileacháin

Is litreacha iad aibítir a bhaineann le teanga scríofa agus iad in ord áirithe. Tá an scríbhneoireacht bunaithe orthu. Chum na Seimítigh an chéad aibítir ceithre mhíle bliain ó shin. Bunaíodh an aibítir sin ar phictiúiríní a chuireadh idéithe in iúl. Fuair na Gréagaigh an aibítir ó phobal Seimíteach, na Féinícigh, a bhunaigh cathair chumhachtach i dtuaisceart na hAfraice, An Chartaig. Fuair na Rómhánaigh an aibítir ó na Gréagaigh agus úsáidtear an aibítir Laidineach seo chun an chuid is mó de theangacha na hEorpa a scríobh.

Ba é an cló Gaelach an chéad chóras scríbhneoireachta a úsáideadh in Éirinn le haghaidh an Ghaeilge a scríobh, de réir an chórais Rómhánaigh. D'úsáideadh an Eaglais Chríostaí stíl scríbhneoireachta cosúil leis ar fud na hEorpa sa chúigiú céad. Tháinig Naomh Pádraig go hÉirinn sa chúigiú céad agus tá an chuma ar an scéal gur tosaíodh ag scríobh na Gaeilge de réir an chórais seo sa séú céad.

B'in an tOgham an córas scríbhneoireachta a bhíodh in Éirinn roimh theacht na Críostaíochta. Tagann an t-ainm seo as an dia Cheilteach Ogmios. Ainmníodh na litreacha as crainn sa chóras seo. Fuarthas an córas seo ó dhraoithe Ceilteacha na Mór-roinne agus tá sé le feiceáil ar chlocha cuimhneacháin ar fud na hÉireann.

Aibítir na Gaeilge

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Litreacha traidisiúnta

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Litir   Ainm (IPA)Crann (Ogham)
Aá /ɑː/ailm
B/bʲeː/beith
C/kʲeː/coll
D/dʲeː/dair
Eé /eː/eadhadheabhadh
Feif /ɛfʲ/fearn
G/ɡʲeː/gort
Hhéis /heːʃ/uath nó an sceach gheal
Ií /iː/íodhadh nó an tIúr
Leil /ɛlʲ/luis nó an crann caorthainn
Meim /ɛmʲ/muin nó an fhíniúin
Nein /ɛnʲ/nion nó an fhuinseog
Oó /oː/onn nó an t-aiteann
P/pʲeː/peith
Rear /ɛrˠ/ruis nó an trom
Seas /εsˠ/sail
T/tʲeː/teithne nó an cuileann
Uú /uː/úr nó an fraoch

Litreacha neamh-choitianta

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Litir   Ainm (IPA)
J/dʒeː/
K/kɑː/
Q/kuː/
V/vʲeː/
Wwae /weː/
Xeacs /ɛks/
Y/ɣʲeː/
Zzae /zˠeː/

Bíonn na litreacha seo a leanas in úsáid i bhfocail nua nó i dtéarmaí áirithe i gcásanna faoi leith: j, k, q, v, w, x, y, z.

  • vitimín K, línte H agus K, selkie (téarma.ie)
  • quinín, quionól
  • vóta, vód, vrác
  • ‘aonad lán-W’
  • xaintéin, xiolán, X-radaíocht
  • Yólais, Y-chrómasóm
  • zó-eolaíocht, zóifít,

Téarmaí teicniúla atá sách aduain cuid acu (go háirithe k agus w). Bhíodh k in úsáid mar ghiorrúchán sa Ghaeilge fadó. Feictear iad sa mhatamaitic nó san eolaíocht.

Bhíodh formhór na litreacha rómhacha in aibítir na Gaeilge mar a scríobhadh í sa bhliain 1697 (CD MS 1335, leathanach 75).[1] Bhí na litreacha 'j', 'v' agus 'w' ar iarraidh toisc gur stíleanna malartacha de na litreacha 'i' agus 'u' iad 'j' agus 'v' an uair úd. Ba ghnách 'u' a scríobh in ionad 'w': féach 'Uilliam' mar shampla.

Liosta Aibítir

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Tá ort na hargóintí 'teideal =' agus 'url =' a shonrú nuair a úsáideann tú {{ lua idirlín}}. "".

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]