Plé:Aibítir

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tosaíonn an t-alt seo le heolas "vicipéideach", ach leanann sé díreach ar aghaidh leis an mbéim ar rudaí Éireannacha, i.e. na píosaí seo a leanas (cóip):

Ba é an cló Gaelach an chéad chóras scríbhneoireachta a úsáideadh in Éirinn le haghaidh an Ghaeilge a scríobh, de réir an chórais Rómhánaigh. D'úsáideadh an Eaglais Críostaí stíl scríbhneoireachta cosúil leis ar fud na hEorpa sa cúigiú céad. Tháinig Naomh Pádraig go hÉirinn sa chúigiú céad agus tá an chuma ar an scéal gur tosaíodh ag scríobh na Gaeilge de réir an chórais seo sa séú céad.

B'in an tOgham an córas scríbhneoireachta a bhíodh in Éirinn roimh theacht na Críostaíochta. Tagann an t-ainm seo as an dia Cheilteach Ogmios. Ainmníodh na litreacha as crainn sa chóras seo. Fuarthas an córas seo ó dhraoithe Ceilteacha na Mór-roinne agus tá sé le feiceáil ar chlocha cuimhneacháin ar fud na hÉireann.

Ba cheart iad a bhaint amach, nó a chur in alt eile. --An Tóin Mór 20:35, 25 Iúil 2007 (UTC)[reply]

Aontaím leis an bhfear uasal thuas :) Is alt ar leith é "Aibítir na Gaeilge". Cruthóidh mé alt nua, nó cuirfidh san alt faoin teanga féin é. Tuairimí? --Antóin 11:16, 25 Mí na Samhna 2009 (UTC)

Níl a fhios agam, b'fhéidir agus cad faoi thuilleadh plé faoi úsáid na haibitre sa lá atá inniu ann?