Ogham

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Leathanach 170r - Leabhar Bhaile an Mhóta

Is aibítir sheanda í an tOgham (Sean-Ghaeilge Ogam), a bhíodh in úsáid roimh theacht na Críostaíochta go hÉireann, sa tréimhse idir 300 A.D. agus 600 A.D. Tuairiscíonn na saineolaithe nárbh aibítir neamhspleách í, ach gur rúnscríbhinn de shaghas áirithe a bhí ann agus í bunaithe ar aibítir na Laidine. Faightear inscríbhinní in Éirinn, in Albain, sa Bhreatain Bheag, i Sasana, agus ar Oileán Mhanann.

An córas scríbhneoireachta[athraigh | athraigh vicithéacs]

Nuair a bhí an tOgham gearrtha ar liag, ar ghallán nó ar chloch chuimhneachán, rith an téacs aníos ó bhun go barr na cloiche. D'úsáidtí poncanna do na gutaí mar seo a leanas: ponc amháin = a, dhá phonc = o, trí phonc = u, ceithre phonc = e agus cúig phonc = i. D'úsáidtí stróiceacha do na consain. Ghearrtaí an scríbhneoireacht seo ar imeall na cloiche nó ar lár líne ar a dtugtaí an 'fleasc'. Tá inscríbhinní dátheangacha Gaeilge agus Laidine ann freisin, a théann ó chlé go deas. Nuair a bhí an tOgham scríofa i lámhscríbhinní, lean an téacs gnáth-threo na Laidine (cothrománach agus ó chlé go deas), le stríoca ingearacha in áit eangaí greanta na n-inscríbhinní le haghaidh na ngutaí.

Aibítir

Áiteanna leis na samplaí[athraigh | athraigh vicithéacs]

Maítear gur thosaigh an tOgham, in iar-dheisceart na tíre agus tá fáil ar 121 sampla de na galláin seo i gContae Chiarraí. Faightear 81 sampla i gContae Chorcaí agus 47 sampla i gContae Phort Láirge. Faightear 15 sampla sa Bhreatain Bheag agus tá an gallán oghaim is sia soir le fáil i Silchester i Sasana, rud a chiallaíonn gur bhog na daoine leis an scríbhneoireacht seo soir de réir a chéile, ó Chontae Chiarraí ar aghaidh.

Na litreacha[athraigh | athraigh vicithéacs]

Féach freisin: Bríatharogam

Tá 25 litir san Ogham. Tugtar fiodha ar an gcéad fiche litir, agus forfheadha ar na litreacha eile. Roinntear na litreacha i gceithre aicme, a ainmníodh ón gcéad litir sa sraith (Aicme Beithe, Aicme hÚatha, Aicme Muine, Aicme Ailme). Fiche litir agus cúig litir.

Teimpléad:Litreacha an Oghaim

  • Beith [B], Is é is brí le Beithe sa tSean-Ghaeilge ná "crann beithe", gaolmhar leis an bhfocal bedw sa Mheán-Bhreatnais. Ceaptar gur iasacht ón bhfocal gaolmhar sa Ghaillis é an focal Laidine betula.
  • Luis/Caertheand [L], Sa tSean-Ghaeilge, tá an focal Luis gaolmhar le luiselus. Úsáidtear Caertheand i gcóras na gcrann, i.e. seanfhocal ar "crann caorthainn".
  • Fearn [W], bhí an brí céanna ag Fearn sa tSean-Ghaeilge is atá aige sa Nua-Ghaeilge ~ FearnFearnóg. Ós rud é go bhfoghraíodh "f" mar "w" sa tSean-Ghaeilge, i.e.*wernā, ba é [w] an fhuaim a sheasann sé di.
  • Sail [S], Is é is brí le Sail sa tSean-Ghaeilge ná "crann saillí" nó "saileach", gaolmhar le salix sa Laidin.
  • Nion/Uinnius [N] Is é is brí le Nin sa tSean-Ghaeilge ná "píce" or "áiléir". Úsáidtear Uinnius i gcóras na gcrann, i.e. seanfhocal ar "fhuinseog".
  • Uath [H], tá an bhrí chéanna ag an bhfocal Uath sa tSean-Ghaeilge is atá aige sa Nua-Ghaeilge. Úsáidtear “Sceach Gheall” i gCóras na gcrann. Ní fios cad é sanasaíocht fhoinseacht an fhocail, áfach, foghraíocht an fhocail ach oiread. Molann McManus (1986) gur [y] atá i gceist. Mhol Peter Schrijver (féach McManus 1991:37) go bhfuil seans ann, más rud é gurb leagan gaolmhar é leis an Laidin pavere, gur lean rian den *p sa Phróta-Ind-Eorpach ar aghaidh sa nGaeilge Chianach, ach níl aon fhianaise neamhspleách de sin.
  • Dair [D], tá an bhrí chéanna ag an bhfocal Dair sa tSean-Ghaeilge is atá aige sa Nua-Ghaeilge, i.e. crann darach. (PIE *doru-).[1]
  • Tinne/Cuileand [T], De réir fianaise na nathanna meafaracha (nó kennings), is é is brí le Tinne sa tSean-Ghaeilge ná "barra miotail”, nó “tinne". Úsáidtear “Cuileand” i gCóras na gcrann, i.e. Cuileann.
  • Coll, Old Irish Coll meant "hazel-tree", cognate with Welsh collen, correctly glossed as cainfidh "fair-wood" ("hazel") by the arboreal interpretation. Latin corulus or corylus is cognate.
  • Ceirt, Old Irish Cert is cognate with Welsh perth "bush", Latin quercus "oak" (PIE *perkwos). It was confused with Old Irish ceirt "rag", reflected in the kennings. The Auraicept glosses aball "apple".
  • Muin, Old Irish Muin: the kennings connect this name to three different words, muin "neck, upper part of the back", muin "wile, ruse", and muin "love, esteem". The arboreal tradition has finemhain "vine".
  • Gort, Old Irish Gort means "field" (cognate to garden). The arboreal tradition has edind "ivy".
  • nGéadal, Old Irish Gétal from the kennings has a meaning of "killing", maybe cognate to gonid "slays", from PIE Teimpléad:PIE. The value of the letter in Primitive Irish, then, was a voiced labiovelar, [ɡʷ]. The arboreal tradition glosses cilcach, "broom" or "fern".
  • Straif, Old Irish Straiph means "sulphur". The Primitive Irish letter value is uncertain, it may have been a sibilant different from s, which is taken by sail, maybe a reflex of /st/ or /sw/. The arboreal tradition glosses draighin "blackthorn".
  • Ruis, Old Irish Ruis means "red" or "redness", glossed as trom "elder".
  • Ailm, Old Irish Ailm is of uncertain meaning, possibly "pine-tree". The Auraicept has crand giuis .i. ochtach, "fir-tree" or "pinetree".
  • Onn, Old Irish Onn means "ash-tree", although the Auraicept glosses aiten "furze".
  • Úr, Old Irish Úr, based on the kennings, means "earth, clay, soil". The Auraicept glosses fraech "heath".
  • Eadhadh, Old Irish Edad of unknown meaning. The Auraicept glosses crand fir no crithach "test-tree or aspen"
  • Iodhadh, Old Irish Idad is of uncertain meaning, but is probably a form of ibhar "yew", which is the meaning given to it in the arboreal tradition.

Of the forfeda, four are glossed by the Auraicept:

  • Eabhadh, Old Irish Ebhadh with crithach "aspen";
  • Ór, "gold" (from Latin aurum); the arboreal tradition has feorus no edind, "spindle tree or ivy"
  • Uilleann, Old Irish Uilleand "elbow"; the arboreal tradition has edleand "honeysuckle"
  • Pín, later Ifín, Old Irish Iphin with spinan no ispin "gooseberry or thorn".

The fifth letter is Emancholl which means 'twin of hazel'

Cé dó an tOgham?[athraigh | athraigh vicithéacs]

Ba scil ar leith í an córas scríbhneoireachta seo, mar sin, scríobhtaí é do dhaoine tábhachtacha, a cuireadh san áit ina seasann an gallán anois. Ainmneacha daoine mór le rá – ríthe, taoisigh agus daoine cumhachtacha eile – a scríobhtaí ar na galláin oghaim don chuid is mó.

De réir na miotaseolaíochta, ba é an dia Ceilteach Ogmios (dia na hurlabhra agus na foghlama) a cheap an córas scríbhneoireachta seo.

Deireadh ré[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tháinig deireadh le ré an oghaim le teacht na manach go hÉirinn mar d'úsáidtí aibítir na Laidine ó shin i leith agus bhíodh na manaigh ag scríobh ar phár. Cé gur tháinig deireadh lena ré sa seachtú haois faightear tagairt don ogham i leabhar Bhaile an Mhóta a scríobhadh san 11ú haois.

Foinse[athraigh | athraigh vicithéacs]

  • Ó Murchú, Máirtín (1985). The Irish Language. An Roinn Ghnóthaí Eachtrannacha agus Bord na Gaeilge (arna chur i gcló ag Ormond Printing Co., Éire).
  1. https://en.wiktionary.org/wiki/dair