Sail (ogham)
Appearance
Sail | ||||
---|---|---|---|---|
Cineál | litir oghaim | |||
Ball de | ogham | |||
|
Is í an ceathrú litir den aibítir oghaim an tSail,[1] ainmnithe as an gcrann, saileach. Is í an ceathrú litir den Aicme Bheithe. Is é [s] a luach foghraíochta.
Sanasaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Gaolta is ea ainm na litreach le helyg(en) na Breatnaisé agus salix na Laidine. Athchruthaíodh an focal as Gaeilge Chianach mar *salik-s. Fréamhaithe ón bPróit-Ind-Eorpais *sal- is ea é.
Bríatharogam
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is iad a leanas na nathanna meafaracha (kennings) d'ainm na litreach le fáil sa Bhriatharogham:[2]
- lí ambí[3] (lí/dath neamhbheo) i mBriatharogham Morann mic Moín
- lúth bech (lúth/coth beach) i mBriatharogham Mac ind Óc
- tosach mela (tosach meala) i mBriatharogham Culainn
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ sail ar eDIL
- ↑ Auraicept na n-Éces Calder, George, Edinburgh, John Grant (1917), athchló Four Courts Press (1995), ISBN 1-85182-181-3
- ↑ ambí ar eDIL