Ailm (ogham)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí GraiféimAilm

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineállitir oghaim Cuir in eagar ar Wikidata
Ball deogham Cuir in eagar ar Wikidata
    onn Cuir in eagar ar Wikidata

Is í an fichiú litir den aibítir oghaim an Ailm[1] Is í an chéad litir, agus dá bharr an ainmlitir, den Aicme Ailme, sraith chúig litir atá de réir tréithe ponc nó eang ar an stoclíne, nó fosta línte ingearach trasna na stoclíne. Is é [a] a luach foghraíochta.

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní fios ciall bhunúsach na litreach. Molann taobhaithe "Aibítir na gCrann" gur péinegiúis é áfach.

Mhol Rudolf Thurneysen go bhfuil tionchar na litreacha Alfa/Béite le feiceáil inAilm/Beith. Cé gur focal Gaeilge dúchais é beith, is iasacht é ailm, agus an t-aonar dá leithéid san ogham.

Bríatharogam[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad a leanas na nathanna meafaracha (kennings) d'ainm na litreacha sna Briatharoghaim:

  • ardam íachta (is airde iachta/caoine)
  • tosach frecrai (tosach freagra)
  • tosach garmae (tosach gairme)

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Damian McManus, Irish letter-names and their kennings, Ériu 39 (1988), 127-168.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. ailm ar eDIL, crann ailme, péine, giúis
Aicmí agus Litreacha Oghaim
Beith Uath Muin Ailm Forfeda
B L F S N H D T C Q M G NG S R A O U E I EA OI UI IA AE P