Rudolf Thurneysen
Eduard Rudolf Thurneysen | |
![]() | |
teangeolaí Eilvéiseach (Féach portráid anseo) | |
Dáta breithe | 14 Márta, 1857 |
Dáta báis | 9 Lúnasa 1940 |
Náisiúntacht | Eilvéiseach |
Gairm | Teangeolaí |
Ba theangeolaí Eilvéiseach agus scoláire i réimse an Léinn Cheiltigh freisin é Eduard Rudolf Thurneysen (14 Márta 1857 – 9 Lúnasa 1940).
Saolaíodh é i mBasel san Eilvéis agus rinne Thurneysen staidéar ar an bhfocleolaíocht chlasaiceach i mBasel, i Leipzig, i mBeirlín, agus i bPáras. I measc a chuid múinteoirí bhí Ernst Windisch agus Heinrich Zimmer.[1] Bronnadh promotion (ionann is dochtúireacht) air sa bhliain 1879 agus bronnadh habilitation (céim níos airde ná dochtúireacht) sa Laidin agus sna teangacha Ceilteacha air i 1882 ag Ollscoil Jena.
Theagasc sé Laidin ag Ollscoil Jena ó 1885 go dtí 1887. Ina dhiaidh sin, ghlac sé le hOllúnacht na focleolaíochta comparáidí ag Ollscoil Fhreiburg-im-Breisgau[1] mar chomharba ar Karl Brugmann, saineolaí mórchlúiteach ar an teangeolaíocht Ind-Eorpach.
Foilsíodh a mhórshaothar Handbuch des Alt-Irischen sa bhliain 1909. D’fhorleathnaigh agus d’aistrigh D. A. Binchy agus Osborn Bergin go Béarla é leis an teideal A Grammar of Old Irish. Tá an leabhar i gcló go fóill chomh deireanach le 2006.[1] Bhog Thurneysen go dtí Ollscoil Bhonn i 1930. Is sa tréimhse seo a bhí cáil air mar an saineolaí Shean-Ghaeilge ab fhearr ina ré.
D’éirigh sé as a phost sa bhliain 1923 agus fuair sé bás i mBonn in 1940. Tugtar Léacht Cuhimhneacháin Rudolf Thurnseysen (Gearmáinis: Vortrag in Memoriam Rudolf Thurneysen) i mBonn mar chomhartha na hurraime dó.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
Leabharliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]
- A grammar of Old Irish (aistrithe ag D. A. Binchy agus Osborn Bergin), Dublin Institute for Advanced Studies, reprinted 2003. ISBN 1-85500-161-6
- Old Irish reader (aistrithe ag D. A. Binchy agus Osborn Bergin), Dublin Institute for Advanced Studies, reprinted 1981. ISBN 0-901282-32-4
- Scéla mucce Meic Dathó, Dublin Institute for Advanced Studies, reprinted 2004. ISBN 1-85500-022-9
Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Thurneysen-Archiv der Keltologie Bonn
- Works by Thurneysen online at University College Cork's CELT project
- Select bibliography at University College Cork's CELT project
- TITUS-Galeria: Pictiúir de Rudolf Thurneysen