D. A. Binchy

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Bhí Daniel Anthony Binchy (1899 – 1989) ar dhuine de mhórscoláirí Gaeilge an fichiú haois.

Binchy ina Ambasadóir i mBeirlín

I gContae Chorcaí a rugadh a thuismitheoirí William Patrick Binchy agus Annie Brown. Bhí siopa agus teach tábhairne ag a athair sa Ráth i gContae Chorcaí i 1901. Bhí triúr deartháireacha aige agus deirfiúr amháin, agus ní raibh Gaeilge ar bith ag an teaghlach.

Fuair sé marc caoga hocht faoin gcéad sa Ghaeilge sa mháithreánach, cé go ndúirt sé níos déanaí gur beag eolas a bhí aige ar an teanga ag an am. Bhain sé BA le honóracha den chéad scoth sa dlí agus sa pholaitíocht sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus MA i nuastair na hÉireann. Bhí B.L. aige freisin. Rinne sé staidéar ina dhiaidh sin in München, i mBeirlín, i bPáras agus san Ísiltír, agus fuair sé MA ó Oxford. I 1924 ceapadh é ina Ollamh le dlí-eolaíocht agus leis an dlí Rómhánach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

Chuir sé roimhe a aire a dhíriú ar sheandlíthe na hÉireann ar chomhairle Sir Paul Vinogradoff, ollamh le dlí-eolaíocht in Oxford. Dúirt Osborn Bergin leis go gcaithfeadh sé dianstaidéar a dhéanamh ar feadh deich mbliana sula bhféadfadh sé tráchtas dlí a chur in eagar. Dúirt Binchy féin ina dhiaidh sin go raibh an ceart ag Bergin. Théadh sé chun Dún Chaoin ag foghlaim Gaeilge, d’fhreastalaíodh ar léachtaí, rinne staidéar ar Shanscrait agus chuir eolas ar an mBreatnais.

I 1929 ceapadh é ina mhinistir thar ceann na hÉireann sa Ghearmáin. Bhí an Ghearmáinis go maith aige agus thapaigh sé an deis chun freastal ar chúrsaí sa teangeolaíocht chomparáideach i mBeirlín. (Níor thaitin Hitler leis.) Chaith sé cuid mhaith den chogadh ag obair ar son na gComhghuaillithe san Royal Institute of International Affairs agus scríobh leabhar suntasach dar theideal Church and State in Fascist Italy (1941).

Bhí tosaithe aige ar a shaothar mór, an Corpus Iuris Hibernici, agus ábhar ann a bhí bailithe óna lán seanlámhscríbhinní. Nuair a bhí sé críochnaithe bhí fáil ag scoláirí eile ar an gcuid is mó de na dlíthe i sé imleabhar. I 1943 thug sé léacht Rhys (‘The linguistic and historical value of the Irish law tracts’) i Londain (cé nach raibh ach scata an-bheag ag éisteacht).

Ó 1943 go 1946 bhí sé ina Ollamh le Dlí Canónta i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad. Ina dhiaidh sin bhí sé ina Chomhalta Sinsearach Taighde i gColáiste Corpus Christi in Oxford. Ó 1949 go 1975 bhí sé ina Ollamh Sinsearach in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.

Níor phós sé riamh.

Príomhshaothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Corpus Iuris Hibernici: ad fidem codicum manuscriptorum. Dublin Institute for Advanced Studies. 1978

Le léamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Binchy, Daniel Anthony (1899–1989): An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge [1]