Basel
Is í Basel (Gearmáinis: Basel, Fraincis: Bâle, Iodáilis: Basilea, Rómainis: Basilea) an tríú cathair is mó san Eilvéis. Tá breis is 170,000 duine ina gcónaí sa chathair féin, agus timpeall 690,000 duine má chuirtear na fobhailte san áireamh. Tá an chathair suite cois abhainn na Réine in iarthuaisceart na tíre, in aice le teorann na Gearmáine agus na Fraince. Is áit thábhachtach í Basel de réir na healaíne san Eilvéis.
Teangacha[cuir in eagar | athraigh foinse]
Is í an Ghearmáinis an teanga is comónta le 77.8% (129,592) atá á húsáid sa bhaile, tá an Iodáilis ar an dara teanga is comónta le 5.4% (9,049) atá á úsáid sa bhaile agus an Fhraincis ar an dtríú teanga is comónta le 2.6% (4,280) á úsáid sa bhaile. Úsáideann 202 daoine an Rómainis sa bhaile.
Íomhánna[cuir in eagar | athraigh foinse]
Daoine aitheanta[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Erasmus as Rotterdam (1465/69-1536), fealsamh Ollannach a bhí ina chónaí i mBasel ar feadh blianta fada.
- Leonhard Euler (1707–1783), matamaiticeoir Eilvéiseach
- Jacob Burckhardt (1818-1897), staraí Eilvéiseach
- Rudolf Thurneysen (1857–1940), teangeolaí Eilvéiseach
- Roger Federer (*1981), imreoir leadóige Eilvéiseach
Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() |
Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia
a bhaineann leis an ábhar seo: Basel |