Fearn (ogham)
Jump to navigation
Jump to search
ᚃ
Is í an tríú litir den aibítir oghaim an Fearn[1] (Sean-Ghaeilge Fern[2]), ainmnithe as an gcrann, fearn. Is í an tríú litir den Aicme Bheithe. Is é [f] a luach foghraíochta.
Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]
Gaolta is ea ainm na litreach le gwern(en) na Breatnaise. Athchruthaíodh an focal as Gaeilge Chianach mar *wernā, agus ba é [w] a luach foghraíochta ag an am sin.
Bríatharogam[cuir in eagar | athraigh foinse]
Is iad a leanas na nathanna meafaracha (kennings) le fáil d'ainm na litreach sa Bhriatharogham:[3]
- airenach[4] fían - (urgharda fiann) i mBriatharogham Morann mic Moín
- comét lachta - (coimeádán bainne - déanta as adhmaid fearna) i mBriatharogham Mac ind Óc.
- dín cridi - (díon croí) i mBriatharogham Culainn.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ fearn ar teanglann.ie FGB
- ↑ 1 fern ar eDIL
- ↑ Auraicept na n-Éces, George Calder, Edinburgh, John Grant (1917), athchló Four Courts Press (1995), ISBN 1-85182-181-3
- ↑ airenach ar eDIL
Aicmí agus Litreacha Oghaim | |||||||||||||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Beith | Uath | Muin | Ailm | Forfeda | |||||||||||||||||||||
B | L | F | S | N | H | D | T | C | Q | M | G | NG | S | R | A | O | U | E | I | EA | OI | UI | IA | AE | P |
ᚁ | ᚂ | ᚃ | ᚄ | ᚅ | ᚆ | ᚇ | ᚈ | ᚉ | ᚊ | ᚋ | ᚌ | ᚍ | ᚎ | ᚏ | ᚐ | ᚑ | ᚒ | ᚓ | ᚔ | ᚕ | ᚖ | ᚗ | ᚘ | ᚙ | ᚚ |