Luis (ogham)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí GraiféimLuis

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineállitir oghaim Cuir in eagar ar Wikidata
Ball deogham Cuir in eagar ar Wikidata
 < beith Cuir in eagar ar Wikidata   fearn Cuir in eagar ar Wikidata

Is í an dara litir den aibítir oghaim an Luis.[1] [2] [3] [4] Is í an dara litir den Aicme Bheithe. De réir córas na gcrann, ainmnithe as an gcrann, luis nó caorthann, atá an focal. Is é [l] a luach foghraíochta.

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fréamhaithe ón tSean-Ghaeilge (agus fós sa Nua-Ghaeilge) luise/luisne[4] atá an focal, sin nó lus.[3] Athchruthaíodh an focal as Gaeilge Chianach mar *lubsti-, é sin fréamhaithe ón bPróit-Ind-Eorpaise *leuk- 'lonnraigh', sin nó *leudh- 'fás'.[5]

Bríatharogam[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad a leanas na nathanna meafaracha (kennings) le fáil sa Bhriatharogham:[6]

  • lí súla (loinnir shúile), Briatharogham Morann mic Moín
  • carae cethrae[7] (cara bólachta), Briatharogham Mac ind Óc
  • lúth cethrae (lúth/fuinneamh bólachta), Briatharogham Culainn.

Tacaíonn lí súla an bhrí 'lasair', ach is léir go bhfuil ciall 'luibh' nó planda ag baint leis na briatharoghaim eile. I ngach cás ámh, is í [l] a luach foghraíochta.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1 luis, caorthainn, ar eDIL
  2. luis, caorthann, ar teanglann.ie
  3. 3.0 3.1 lus, luibh, ar teanglann.ie
  4. 4.0 4.1 luise, loise, luisne, lasair, bladhmann ar teanglann.ie
  5. McManus, Damian (1991). "A Guide to Ogam" 4. Co. Chill Dara, Éire: An Sagart. ISSN 0790-8806. 
  6. Auraicept na n-Éces, George Calder, Edinburgh, John Grant (1917), athchló Four Courts Press (1995), ISBN 1-85182-181-3
  7. cethrae at eDIL, bólacht, eallach, cf. ceathrach2 ar teanglann.ie FGB
Aicmí agus Litreacha Oghaim
Beith Uath Muin Ailm Forfeda
B L F S N H D T C Q M G NG S R A O U E I EA OI UI IA AE P