Nion (ogham)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí GraiféimNion

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineállitir oghaim Cuir in eagar ar Wikidata
Ball deogham Cuir in eagar ar Wikidata
 < sail Cuir in eagar ar Wikidata   uath Cuir in eagar ar Wikidata

Is í an cúigiú litir den aibítir oghaim an Nion (Sean-Ghaeilge Nin[1][2][3]). Is í an cúigiú litir den Aicme Bheithe. Is é [n] a luach foghraíochta. Cuireann an focal 'nin' i leith na litreach áirithe 'Nin', agus araon i leith litreacha an Oghaim i gcoitinne.

Gluais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is amhlaidh go ndéanann gluaiseoirí An Leabhar Oghaim agus Auraicept na n-Éces trácht ar dhá fhocal nin ar a laghad, le ciall 'cuid de sheol fíodóra',[2] agus 'tonn'.[3] Tugtar an ghluais 'gablach' don aidiacht ninach. Tá dealramh leis mar sin, gur focal oiriúnach é nin le haghaidh litreacha an Oghaim, a bhfuil cuma gabhal (ar a laghad na consain) orthu, tar éis an tsaoil

Is amhlaidh gur gaolta is ea an dara nin le focal na Breatnaise, nen, "díon, neamh", le brí de "maorgacht". Míníonn gluaiseoirí na mbriathra oghaim (féach thíos) go dtógtaí seolta na bhfíodóirí mar chomhartha na síochána. B'fhéidir é gur bunaithe ar an gciall seo is ea na nathanna maidir le háille.

De réir córas na gcrann, maítear gur fuinseog atá i gceist, ag rá go ndéantaí seolta as adhmad na fuinseoige. Tá clú ar adhmad fuinseoige um sleánna a dhéanamh, áfach, agus dá bharr i roinnt cásanna, athraíodh an briatharogham go "scrios síthe".

Bríatharogam[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad a leanas na nathanna meafaracha (kennings) d'ainm na litreach sna Bhriatharoghaim:[4]

  • costud síde (costadh síthe[5]) i mBriatharogham Morann mic Moín
  • bág[6] ban (maíomh ban) i mBriatharogham Mac ind Óc
  • bág maise (maíomh maise/áille) i mBriatharogham Culainn.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Damian McManus, Irish letter-names and their kennings, Ériu 39 (1988), 127-168.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1 nin ar eDIL
  2. 2.0 2.1 2 nin ar eDIL, píce, gabhal
  3. 3.0 3.1 3 nin ar eDIL, tonn
  4. Auraicept na n-Éces Calder, George, Edinburgh, John Grant (1917), reprint Four Courts Press (1995), ISBN 1-85182-181-3
  5. costadh 1 ar teanglann.ie
  6. bág ar eDIL


Aicmí agus Litreacha Oghaim
Beith Uath Muin Ailm Forfeda
B L F S N H D T C Q M G NG S R A O U E I EA OI UI IA AE P