Uath (ogham)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Bosca Sonraí GraiféimUath
Ogham letter uath.svg
Cuir in eagar ar Wikidata
Cineál litir oghaim Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de ogham Cuir in eagar ar Wikidata

 < nion Cuir in eagar ar Wikidata   dair Cuir in eagar ar Wikidata

Is í an séú litir den aibítir oghaim an tUath[1] (Sean-Ghaeilge Úath[2]). Is í an chéad litir, agus dá bharr an ainmlitir, den Aicme Uatha, sraith chúig litir atá de réir tréithe scríoba suas nó faoi chlé na stoclíne. Trascríobhtar é mar ʜ sna lámhscríbhinní, ach ní fhaightear fianaise di sna hinscríbhinní atá ar marthain. Tugtar mar chiall idir (f)uath agus sceach gheal. Moltar inniu [j] di mar luach foghraíochta.

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

De bharr easpa fianaise agus gur cailleadh an túschonsan, is doiléir é sanasaíocht na litreach, agus mar sin fosta a luach foghraíochta.[3] Athchruthaíodh an focal sa Ghaeilge Chianach mar *osato-.

Mhol McManus (1986) an luach /y/ (.i. an leathghuta [j]).[4] Mhol Peter Schrijver, dá mb'fhíor gur gaol le pavere na Laidine ab ea úath "fear", go bhféadfadh gur caomhnaíodh rian de PIE-*p sa Ghaeilge Chianach, ach arís, tá easpa fianaise ann.[5]

Bríatharogam[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad a leanas na nathanna meafaracha (kennings) d'ainm na litreach sa Bhriatharogham:[6]

  • condál cúan[7] (comhdháil conairte) i mBriatharogham Morann mic Moín
  • bánad gnúise (bánú gnúise/aghaidhe) i mBriatharogham Mac ind Óc
  • ansam aidche "(is ansa[8]/deacra istoíche) i mBriatharogham Culainn.

Cé go molann na nathanna úd uafás mar chiall don litir, san Auraicept na n-Éces faightear an ghluais 'sceach gheal':

comdal cuan huath .i. sce L. om; no ar is uathmar hi ara deilghibh (comhdháil conairte is ea huath (.i. sceach gheal); nó óir is uathmhar/uafar/uafásach í ara dealga).

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. uath1, 2, 4 ar teanglann.ie FGB, uafás, sceach gheal, fuath
  2. 3 úath, sceach gheal, 1 úath, fuath
  3. McManus, Damian (1991). "A Guide to Ogam" 4. Co. Chill Dara, Éire: An Sagart. ISSN 0790-8806. 
  4. op. cit., lch 36.
  5. op. cit., lch 37.
  6. Auraicept na n-Éces, George Calder, Edinburgh, John Grant (1917), athchló Four Courts Press (1995), ISBN 1-85182-181-3
  7. 1 cúan
  8. ansa2 ar teanglann.ie FGB


Aicmí agus Litreacha Oghaim
Beith Uath Muin Ailm Forfeda
B L F S N H D T C Q M G NG S R A O U E I EA OI UI IA AE P