Dair (ogham)
Jump to navigation
Jump to search
ᚇ
Is í an seachtú litir den aibítir oghaim an Dair,[1] ainmnithe as an gcrann, dair. Is í an dara litir den Aicme Uatha. Is é [d] a luach foghraíochta.[2]
Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]
Gaolta is ea ainm na litreach le derw(en) na Breatnaise agus derv(enn) na Briotáinise. Athchruthaíodh an focal as Gaeilge Chianach mar *darek-s. Fréamhaithe ón bPróit-Ind-Eorpais *deru-, 'dair', atá sé.
Bríatharogam[cuir in eagar | athraigh foinse]
Is iad a leanas na nathanna meafaracha (kennings) d'ainm na litreach le fáil sa Bhriatharogham:[3]
- ardam dosae (dosanna/toim/toir is airde) i mBriatharogham Morann mic Moín
- grés soír (gréas/maisiú saoir(s)e/ceirdne) i mBriatharogham Mac ind Óc
- slechtam[4] soíre (sleachta saoir(s)e/ceirdne) i mBriatharogham Culainn.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ 1 dair ar eDIL
- ↑ McManus, Damian (1991). "A Guide to Ogam" 4. Co. Chill Dara, Éire: An Sagart. ISSN 0790-8806.
- ↑ Auraicept na n-Éces Calder, George, Edinburgh, John Grant (1917), athchló Four Courts Press (1995), ISBN 1-85182-181-3
- ↑ ? slechtae ar eDIL
Aicmí agus Litreacha Oghaim | |||||||||||||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Beith | Uath | Muin | Ailm | Forfeda | |||||||||||||||||||||
B | L | F | S | N | H | D | T | C | Q | M | G | NG | S | R | A | O | U | E | I | EA | OI | UI | IA | AE | P |
ᚁ | ᚂ | ᚃ | ᚄ | ᚅ | ᚆ | ᚇ | ᚈ | ᚉ | ᚊ | ᚋ | ᚌ | ᚍ | ᚎ | ᚏ | ᚐ | ᚑ | ᚒ | ᚓ | ᚔ | ᚕ | ᚖ | ᚗ | ᚘ | ᚙ | ᚚ |